Seanad debates

Wednesday, 1 June 2011

3:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Iarraim ar Cheannaire an Tí díospóireacht a thionóil maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá sé fíor-thábhachtach, go háirithe inniu i gcomhthéacs an lá stocaireachta a raibh muid ar fad aige trasna an bhóthair in Óstán Buswells. Is ceist í ceist na Gaeilge a raibh muid ar fad aontaithe fuithi agus, sa dá Theach, glacadh d'aonghuth leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus glacadh leis go gcuirfí i bhfeidhm í. Rud a chur an-áthas orm ná an méid Gaeilge a labhraíodh anseo an lá faoi dheireadh agus impím ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu í a úsáid i bhfad níos rialta mar is éard atá daoine a rá ná go bhfuil sé tábhachtach go dtaispeánaimid ceannródaíocht sa Teach seo agus sa Dáil maidir le húsáid na Gaeilge.

Ba mhaith liom go bpléifí straitéis 20 bliain don Ghaeilge mar, mar a dúirt an Seanadóir Mullen romham, tá sé fíor-thábhachtach go bpléifimis na gceisteanna tromchúiseacha seo a bhaineann le cur chun cinn na teanga i dTithe an Oireachtas, seachas taobh amuigh dóibh, ar dtús báire. Ceann de na spriocanna a bhí sa straitéis ná go mbunófaí Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bhí caint ar maidin ann go ndearnadh cinneadh Rialtais inné agus go bhfuil fógra le déanamh dé hAoine go bhfuil na feidhmeanna fiontraíochta atá ag Údarás na Gaeltachta le baint de dé hAoine, sula mbeidh deis againn an cheist sin a phlé. Is ceart an cinneadh sin a chur siar go dtí go mbeidh deis againn na impleachtaí a bhaineann leis sin a chíoradh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.