Seanad debates

Wednesday, 10 November 2010

11:00 am

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)

I mian liom luadh gairid a dhéanamh don ghreasán sóisialta. De réir staidéar déanta i Meiriceá, tá nasc idir an méid úsáid a bhaineann déagóirí as na fóin póca agus as na ngréasáin sóisialta ar nós Facebook agus a leithéad agus fadhbanna sláinte, mí-úsáid alcóil agus a leithéad. Is fiú go mór don Teach gréasáin sóisialta a phlé agus an tionchar atá acu ar aos óg na tíre ach go háirithe. Is cinnte gur maith iad Facebook, Twitter agus na rudaí sin ar fad ach má tá fadbh ann, má tá daoine áirithe ag baint mí-úsáid astu agus má tá sé sin ag dul i ndonacht orthu agus ag cúiseadh fadhbanna sláinte agus eile dóibh, b'fhiú dúinn é sin a phlé sa Teach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.