Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Second Stage (Resumed)

 

6:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Beidh mé chomh tapaidh agus is féidir liom. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus na Seanadóirí go léir a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Mar cainteoirí eile, gabhaim buíochas le baill an údaráis - tá cuid acu anseo - agus leis an fhoireann lánaimseartha atá ag an údarás.

Ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh. Labhróidh mé ar na leasuithe i dtosach. Tuigim an fáth a bhfuil Seanadóirí an Lucht Oibre ag iarraidh an Bhille a leasú. Mar atá ráite agam, tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta á mheas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge. Nuair a bheidh an próiseas sin críochnaithe, tá sé i gceist agam Bille eile a chur faoi bhráid na dTithe agus fillfimid ar an gceist. Maidir leis an tréimhse ama, beidh sé feiliúnach toghchán an údaráis a eagrú ag an am sin. Is fiú nótáil chomh maith gurb é seacht mbliana go leith an túsmhéid ama atá molta sa Bhille, ach go bhféadfaí i gcónaí na toghcháin seo a reáchtáil tar éis ceithre bliana de thréimhse feidhme bhord an údaráis. Dá bhrí sin, níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú.

Tá leasú eile curtha síos ag an Seanadóir Ó Dochartaigh. Is í aidhm an Bhille seo ná síneadh a chur le tréimhse oifige bord reatha Údarás na Gaeltachta, chun a chinntiú go mbeidh leanúnachas ann le linn tréimhse thar a bheith cinniúnach don eagraíocht nuair a bheidh leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr an údaráis á mheas. Sa reachtaíocht atá i bhfeidhm cheana féin, tugtar tréimhse ceithre bliana ar a laghad do bhaill tofa an údaráis. Níl shílim go mbeadh sé caoi go mbeadh an cumhacht ag an Aire é sin a laghdú go dtí bliain amháin, mar atá molta ag Sinn Féin. Sa reachtaíocht atá ann cheana féin, is é cúig bliana go leith an tréimhse is faide idir toghcháin an bhoird. Dá nglacfaí leis an leasú atá molta ag an Seanadóir, bheadh athrú substaintiúil déanta ar an mBille, rud a chuirfeadh comhartha ceiste ar bhallraíocht na mbaill tofa taréis 2 Deireadh Fómhair seo chugainn. Tá sé mar aidhm agam reachtaíocht maidir le Údarás na Gaeltachta a ullmhú chomh luath agus atá an straitéis 20 bliain faofa ag an Rialtas. Dá bhrí sin, níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú.

Níl mé ag iarraidh an dallamullóg a chur ar éinne nó feidhmiú na straitéise a chur ar an méar fhada. Mar a thuigim é, tabharfaidh an Bille seo seans don bhord reatha leanúint lena chuid oibre tábhachtach, agus seans dúinn reachtaíocht chuimsitheach a ullmhú. Dá bhrí sin, níl sé praiticiúil labhairt mar gheall ar toghchán a reachtáil faoi láthair. Tá súil agam go mbeidh deis againn go leor díospóireachtaí a bheith againn ar an straitéis. Déanfaimid trácht freisin ar conas pleananna teanga a chur le chéile, mar a dúirt roinnt daoine anseo. Cinnteoidh an Bille gur féidir dáta a shocrú don toghchán aon am sa tréimhse dhá bhliain amach romhainn. Mar atá ráite, caithfear impleachtaí móra na straitéise a thógáil san áireamh.

Labhair an Seanadóir Healy Eames mar ghall ar comhairliúcháin. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, bhuail an fochoiste le breis is 30 grúpa. Thug baill an choiste cuairt ar an Ghaeltacht freisin. Aithnímid an ról tábhachtach atá ag an bpobal i gcaomhnú agus múineadh na Gaeilge. Níl an Rialtas ag iarraidh an daonlathas a chur siar. Aithnímid gurb í an straitéis an rud is tábhachtaí atá ag tarlú chun todhchaí na Gaeilge a chinntiú. Tá sé riachtanach go gcuirifimid na struchtúir chearta in áit le haghaidh na blianta atá amach romhainn. D'iarr an Seanadóir Boyle mar gheall ar na tréimhsí ainmnithe. Le déanaí, ainmníodh Liam Ó Cuinneagáin, Cathy Ní Ghoill agus Treasa Uí Lorcáin go cheann trí bliana eile, go dtí 18 Aibreán 2013.

Mar a dúirt mé níos luaithe, tá áthas orm an deis seo a thapú chun an Bille seo a thabhairt os comhair an Tí. Is Bille an-gairid é. Nuair atáimid taréis é a achtú, beimid in ann an t-am agus an fuinnimh caoi a thabhairt don obair tábhachtach maidir le leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta. Tuigeann Seanadóirí nach féidir liom amscála cruinn a chur ar an bpróiseas. Tá mé dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach déanta ina leith sna míonna amach romhainn agus go mbeidh mé ar ais anseo libh le Bille níos cuimsí ina dhiadh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.