Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Second Stage (Resumed)

 

5:00 am

Photo of Alex WhiteAlex White (Labour)

Bhí mé ag éisteacht leis an méid a bhí le rá ag an Aire agus ag an Seanadóir Ó Murchú ó thaobh na dréachtstraitíse de. Is cóir dúinn sa Seanad an straitéis seo a phlé. Tá an comhchoiste ag obair ar an straitéis faoi láthair ach is maith an rud don Teach seo díospóireacht a bheith againn.

Tá sé níos deacra páirt a ghlacadh i ndíospóireacht as Gaeilge. Ní rud controversial í an straitéis so ní gá leis an Cheannaire trí lá a chur ar leataobh faoina choinne. Seans go bhfuil cúpla seachtain de dhíth chun an Bille a léamh agus argóint a ullmhú.

Níl ach rún amháin againn inniu, go gcuirfear siar an toghchán. Caithfimid sin a phlé mar tá sé soiléir nach bhfuil aon suim ag an Rialtas in aon toghchán - fothoghchán nó olltoghchán - agus is cóir go mbeidh na toghcháin sin againn. Seans go mbeidh toghchán ann freisin don phost uair mar mhéara Bhaile Átha Cliath, cé nach bhfuil cinnteacht ar bith faoi sin.

Maidir leis na toghcháin seo, tá dhá chúis an-láidir ar a son. Má táimid chun toghchán a chur siar, caithfidh cúis láidir a bheith ann. Tá daoine ag éisteacht go cúramach leis an díospóireacht agus ceapann an Rialtas nach mbeidh go leor ama ann an straitéis a ullmhú agus a fhoilsiú agus go gcaithfear, mar thoradh air sin, na toghcháin a chur siar. Tá sé déanach, áfach, níl ach ceithre mhí idir inniu agus mí Dheireadh Fómhair. Cén fáth gur fhan an tAire go dtí inniu chun an rún seo a chur os comhair an tSeanaid?

Seans, áfach, gur cheart an rud é mar dúirt an tAire go bhfuil tacaíocht traspháirtí ann don obair agus táimid go léir ag súil leis an dréachtstaitéis nua. Más gá na toghcháin seo a chur siar, is féidir sin a dhéanamh ach is prionsabal daonlathach é nuair atá dáta ann do thoghchán, caithfidh an toghchán sin a tharlú. Tá dáta leagtha síos don toghchán seo so ní maith an rud é a chur siar.

Fanfaidh mé go dtí go gcloisfidh mé ón Aire mar tá rún agam agus ag Sinn Féin gur fearr dáta cinnte a chur síos do na toghcháin seo. Faoin Bhille, cuirfear síneadh leis an tréimhse is faide idir toghchán don údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith. Ba mhaith liom cinnteacht a fheiceáil, go mbeadh sé soiléir go mbeadh an toghchán ann agus dáta cinnte leagtha síos leis.

Aontaím leis na Seanadóirí a labhair sa díospóireacht thábhachtach seo faoin straitéis go ginearálta. Ba mhaith liom díospóireacht níos faide am éigin i ndiaidh an tsamhraidh. Gabhaim buíochas don Aire as bheith anseo agus cuirfidh mé suim sa méid atá le rá ag Seanadóirí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.