Seanad debates

Wednesday, 10 March 2010

Irish Language: Statements

 

12:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

): Gabhaim buíochas as ucht an deis seo chun labhairt ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge le linn Seachtain na Gaeilge.

Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do phobal, do shochaí, do chultúr agus do gheilleagar na hÉireann. Dá réir sin, foilsíodh ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge ag deireadh 2006 inar gealladh go gcuirfí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i dtoll a chéile, bunaithe ar thrí chuspóir déag ar leith a chlúdaíonn nithe ar nós an Acht Teanga, cúrsaí oideachais, tacaíocht speisialta do thuismitheoirí agus don Ghaeltacht agus mar sin de. Tríd an ráiteas seo dearbhaíonn an Rialtas a tacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá an dréacht straitéis 20 bliain don Ghaeilge fréamhaithe i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge. Is éard a fheiceann muid sa dréacht straitéis ná plean gníomhartha nó "léarscáil bóthair" don Ghaeilge don fiche bliain atá romhainn. Beifear ag díriú ar an bpleanáil fad-téarmach don Ghaeilge a dteastaíonn ag an leibhéal náisiúnta le cinntiú go mbainfear amach an ollsprioc, is é sin, go mbeidh Gaeilge á labhairt go laethúil ag 250,000 duine faoi cheann fíche bliain. Chun an deis is fearr a bheith ann an ollsprioc seo a bhaint amach, ní mór díriú ar an phríomh aidhm atá ag an straitéis, sé sin, go seachadófar an Ghaeilge ó ghlúin go glúin agus go mbeadh sé seo á dhéanamh go nádúrtha sa teaghlach. Tá súil, tríd na hidirghabhálacha a bheidh sa straitéis, go dtabharfar spreagadh agus tacaíocht do thuismitheoirí a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge, ní amháin sa Ghaeltacht ach go mbeadh an cinneadh seo á ghlacadh níos forleithne taobh arnuigh den Ghaeltacht freisin. Ní tharlóidh gach rud thar oíche, ach caithfimid a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn chéimiúil lá i ndiaidh lae. Tógfaidh sé obair dhian dhiongbbáilte thar thréimhse ama fada chun an fhís a fhíorú.

I ndiaidh an Bhunreachta féin - a bhronnann tús áite ar an nGaeilge mar theanga náisiúnta agus mar an chéad teanga oifígiúil - is é achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 an gníomh reachtaíochta is tábhachtaí a tharla don Ghaeilge. Is léir go bhfuil go leor rudaí tábhachtacha bainte amach i dtaobh na Gaeilge le blianta beaga anuas. Ina measc tá bunú Oifig an Choimisinéara Teanga; an t-aitheantas a tugadh don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpaigh; dul chun cinn ghluaiseacht na nGaelscoileanna ar fud na tíre; bunú agus bláthú TG4; bunaíodh Foras na Gaeilge mar chuid den Fhoras Teanga i gComhaontú Aoine an Chéasta chun an Ghaeilge a fhorbairt ar bhunús Thuaidh-Theas; bunú go leor scéimeanna beaga sa Ghaeltacht, ar nós scéim na gcampaí samhraidh agus scéim na gcúntóirí teanga; forbairt agus fás ar na coláistí Gaeilge; agus bunú Anocht FM agus Raidió Rí-Rá.

Tá sé tráthúil ag an am seo den bhliain, nuair a thugann pobail an domhain níos mó aird ar an oileán beag seo, tacaíocht an Rialtais do theagasc na Gaeilge sna hinstitúidí tríú leibhéal thar sáile a lua freisin. D'fhógair mé le gairid go bhfuil maoiniú ceadaithe agam chun cuidiú leis an Beijing Foreign Studies Universitysa Sín chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil in lonad Léinn Éireannaigh na hollscoile sin. Tá an fhorbairt seo uile ag leathnú lorg na Gaeilge ar fud an domhain. Tá sí ag cruthú buntáistí fostaíochta freisin do phobail Ghaeltachta anseo sa mbaile mar go meallann sé daoine ón iasacht le dul ann chun Gaeilge a fhoghlaim. Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ag tógáil ar an mbunchloch seo ar fad le cur chuige cuimsitheach.

Tá mé airdeallach ag an am céanna go bhféadfadh Gaeltachtaí láidre sleamhnú uainn go han-scioptha muna dtugann muid faoi chreimeadh na Gaeilge sa Ghaeltacht a stopadh ar bhealach cuimsitheach. Tá roinnt imní léirithe ag roinnt tráchtairí gur polasaí gníomhach don chomhtheangachas atá beartaithe againn don Ghaeltacht. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le rá nach é sin atá i gceist ar chor ar bith. Ba mhaith linn ar lámh amháin go mbeadh pobal uile na Gaeltachta dátheangach ach go mbeadh an Ghaeilge mar phríomh theanga i dteaghlaigh, i gcóras oideachais agus i saol gnó agus sóisialta na Gaeltachta.

Ba mhaith liom é a chur ar an dtaifead arís freisin go bhfuil córas creidiúnaithe d'aistritheoirí curtha ar bun againn le tamall le cinntiú go bhfuil caighdeán inaitheanta ann ó thaobh aistritheoirí de. Bíonn daoine ag gearán ó thráth go céile faoi chostas aistriúcháin cháipéisí. Ba mhaith liom aird an Tí seo a tharraingt freisin ar na deiseanna atá ann chun úsáid a bhaint as an teicneolaíocht nua chun an Ghaeilge a fhorbairt. Tá an Rialtas ag tacú le acmhainní ar-líne, cosúil le www.focal.ie, www,logainm.ie agus www.freagra.net a chuidíonn le foghlaimeoirí Gaeilge agus iad siúd atá ag obair leis an nGaeilge gach lá araon. Tá go leor dul chun cinn déanta le teicneolaíocht nua mar seo freisin chun aistriúchán a dhéanamh níos saoire agus níos tapúla. Tá cuimhní aistriúcháin leictreonacha á thabhairt suas chun dáta an t-am ar fad agus cabhraíonn sé sin chun obair aistriúcháin a dhéanamh níos saoire. Oibríonn siad seo ar bhealach an-chosúil leis an gcaoi go n-oibríonn an téacs thuarthach ar ghuthán póca. Is samplaí maithe iad seo den gheilleagar cliste ag feidhmiú sa ghnáthshaoil. Ar ndóigh, osclaíonn na forbairtí seo deiseanna don tír seo amach anseo chun seirbhísí teicneolaíochta mar seo a dhíol le tíortha eile.

Ní amháin go bhfuil deiseanna nua foghlamtha agus oibre cruthaithe ag an teicneolaíocht nua don Ghaeilge, ach tá "Gaeilge nua" cruthaithe aici freisin. Tá go leor focail nua tagtha isteach sa Ghaeilge de bharr forbairtí sa teicneolaíocht nua, rud a tharraingíonn ár aird ar chaighdeán oifígiúil na Gaeilge. Is cúis mhóir áthais dom í a fhógairt don Teach inniu, le linn seachtain na Gaeilge, go mbeidh an t-athbhreithniú ar an gcaighdeán oifígiúil, bunaithe ar chinneadh Rialtais, á thosú an mhí seo chugainn. Tá sé thar am go ndéanfaí an t-athbhreithniú seo. Tá an teanga ag forbairt agus ag fás níos scioptha ná ariamh, ach is é an leagan céanna den chaighdeán, nach mór, atá i bhfeidhm inniu is a bhí nuair a céadfhoilsíodh é i 1958. Tá sé tar éis freastal ar riachtanais na teanga le os cionn 50 bliain anuas, ach aithnítear go forleathan gur cheart dúinn tabhairt faoin athbhreithniú seo i gcomhthéacs na bhforbairtí suntasacha sa tír agus ag leibhéal na hEorpa le cúpla bliain anuas. Tá mé ag caint ach go háirithe ar stádas na Gaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar thionscadal an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge atá á stiúrú ag Foras na Gaeilge. Tá an dá chéim seo ag cur go mór lena bhfuil á éileamh ag pobal an lae inniu ar an teanga, go háirithe agus iad ag plé leis an Stát, agus cuirfídh siad leis go leanúnach amach anseo.

Beidh boird stiúrtha ann a dhéanfaidh an t-athbhreithniú a stiúrú. Tiocfaidh ballraíocht an choiste ó réimsí éagsúla den saol - foclóireacht, oideachas, dlí, aistriúchán, téarmaíocht, meáin agus léann agus, ar ndóigh, cainteoirí dúchasacha. Is ceart dúinn smaoineamh go speisialta ar an ról stairiúil lárnach atá curtha díobh acu ag foireann rannóg an aistriúcháin i dTithe an Oireachtais maidir leis an gcaighdeán. Is féidir liom a dheimhniú go mbeidh mé ag tabhairt cuireadh speisialta, tríd an Ceann Comhairle, le go mbeidh ionadaíocht ag an rannóg ar an gcoiste seo. Is fíú smaoineamh chomh maith ar an obair mhór atá déanta ag Foras na Gaeilge, ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir leis an teanga scríofa, agus gheobhaidh siadsan cuireadh chomh maith a bheith ar an gcoiste stiúrtha.

Pléifídh an coiste seo moltaí agus ansin eiseoidh sé a chuid moltaí chuig an bpobal a mbeidh deis acu tuairimí a nochtadh ina dtaobh. Eiseofar na moltaí chuig an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus gheobhaidh baill an chomhchoiste sin tuairiscí rialta ar dhul chun cinn na hoibre. Déanfaidh an coiste stiúrtha moladh deireanach don Aire ansin, tar éis na tréimhse comhairliúcháin. Mar sin, is léir gur próiseas céimnithe tomhaiste a bheidh i gceist anseo.

Ní hamháin go mbeidh tionchar torthúil láithreach ag an bpróiseas seo ar an teanga, ach tá mise mar Aire ag iarraidh a chinntiú go mbláthfaidh an síol seo arís is arís eile thar na blianta atá romhainn. Ginfidh an t-athbhreithniú seo múnla gur féidir a úsáid le hathbhreithnithe a dhéanamh gach cúig bliana nó mar sin. Tá mé cinnte go mbeidh Seanadóirí sásta a chloisteáil go bhfuil sé i gceist agam mar Aire go mbeidh gach deis ag an bpobal a bheith rannpháirteach sa phróiseas stairiúil seo, bunaithe ar an teicneolaíocht nua-aimseartha. Fógrófar ar-líne ag tús an phróisis gur féidir le haon duine clárú do na tréimhsí comhairliúcháin a bheidh mar chuid lárnach den phróiseas athbhreithnithe. Ar an gcaoi seo, cuirfear ar an eolas iad go huathoibríoch nuair atá moltaí eisithe ag an gcoiste stiúrtha le haghaidh comhairliúcháin. Chomh maith leis sin, fógrófar na moltaí seo go poiblí de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn. Tá sé i gceist agam go dtosóidh obair an choiste stiúrtha an mhí seo chugainn agus go dtabharfaí obair an choiste féin chun críche faoi cheann Meitheamh na bliana seo chugainn. Tá súil agam go mbeidh leagan athbhreithnithe de chaighdeán oifígiúil ar fáil le foilsiú don phobal faoi cheann Mheitheamh 2011.

Ar an gcaoi seo, tá sé mar sprioc agam go mbeidh an caighdeán leasaithe sách cruinn agus sách láidir le cothromaíocht tomhaiste a bhaint amach idir stádas na teanga a chaomhnú agus beocht na teanga a chothú. Tugaim cuireadh do na Seanadóiri agus don phobal an deis stairiúil seo a thapú i gcomhpháirt le chéile le go bhfágfaimid seoid eile don teanga agus do lucht a húsáidte thar na glúinte a thiocfaidh inár ndiaidh. Tá mé buíoch arís go Bhaill an Tí as ucht an deis a thabhairt dom an fógra seo a dhéanamh inniu sa Seanad agus go mórmhór an deis sin a thabhairt dom le linn seachtain na Gaeilge. Go raibh míle maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.