Seanad debates

Thursday, 18 February 2010

Appointment of An Coimisinéir Teanga: Motion

 

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Seanadóirí agus Teachtaí a ghlac páirt i ndíospóireacht thar a bheith dearfach sa choiste Oireachtais inné. Tacaím go hiomlán leis an méid a dúradh faoi Oifig an Choimisinéara Teanga agus faoin gcoimisinéir. Tá ard-obair déanta ag Seán Ó Cuirreáin le sé bliain anuas. Mar is eol don Teach, tá sé molta ag an Rialtas go n-iarraidh an dá Theach ar an Uachtarán an tUasal Ó Cuirreáin a athcheapadh nuair a thagann deireadh lena théarma Dé Luain seo chugainn. Is é sin atá ar bun againn inniu. Mar a dhein mé inné, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an tUasal Ó Cuirreáin as ucht na hoibre atá déanta aige. Silim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le Oifig an Choimisinéara Teanga. Má tá gearán ag daoine maidir le seirbhísí trí Ghaeilge, don chéad uair ó bunaíodh an Stáit tá córas ceart ann le déanamh cinnte go gcuirfear na seirbhísí sin ar fáil. Tá bealach ag an bpobal a gcuid gearáin a chur in iúl agus leigheas a fháil orthu. Os rud é go bhfuil an tUasal Ó Cuirreáin coinsiasach faoin a gcuid oibre, ba mhaith liom moladh don Teach seo go nglacfaí faoin rún seo, go gceapfaí an an tUasal Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga san athuair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.