Seanad debates

Wednesday, 11 November 2009

National Asset Management Agency Bill 2009: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 pm

Photo of Brian Lenihan JnrBrian Lenihan Jnr (Dublin West, Fianna Fail)

Is iontach an rud é, ach tá mé chun an leasú seo a ghlacadh. Chomh maith le Gaeilge an-mhaith, tá eolas an dlí go han-mhaith ag an Seanadóir, mar níl aon fhadhb ag an Ard-Aighne leis an fhoclaíocht sa leasú seo. Mar sin, glacaim leis an leasú. An deacracht atá ann ná caithfidh go mbeidh leagan oifigiúil amháin sa Teanga don Bhille ar fáil nuair a síneoidh an tUachtarán an reachtaíocht, mar tá cinneadh le déanamh ag na bancanna atá ag dul isteach i NAMA. Caithfidh mé leagan oifigiúil den Bhille a ullmhú mar sin, ach beidh an leagan Gaeilge le fáil chomh luath agus is féidir. Tá sé sin i leasú an Sheanadóra fhéin. Beidh NAMA, is dóigh liom, deich bliain ag fás, agus ina dhiaidh sin, please God, beidh NAMA faoi bhláth. Táim an-sásta leis an leasú agus táimse ag glacadh leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.