Seanad debates

Wednesday, 11 November 2009

National Asset Management Agency Bill 2009: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Cúpla bliain ina dhiaidh sin bhí an tAire sásta go mbeadh doiciméid foilsithe ar an Idirlíon. That satisfied everybody. Bhí mise an-sásta le sin.

Ag féachaint ar an reachtaíocht os ár gcomhair anseo, chuir sé an-díomá orm nuair a thuig mé go rabhamar chun éalú ón Acht chomh tapaidh sin agus gan focal ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta who should, rather than I, watch these things agus gan focal ar bith ach oiread ó aon ceann de na heagrais Gaeilge who would queue outside my door if I wanted to protect the name of my town. There is no word from them nuair atá muid ag cur reachtaíochta ar fáil, gan é a bheith ar fáil i nGaeilge.

Tuigeann an tAire an motivation atá agam ag an bpointe seo. Creidim, ó thaobh dearcadh mhuintir na Gaeltachta de, go bhfuil seo scannalach agus náireach dóibh siúd. I ndáiríre, tá sé maslach chucu nach mbeadh an Bille nó an reachtaíocht ar fáil i nGaeilge. Fiú ón dtaobh praiticiúil de, some of the assets of NAMA will be lodged in Gaeltacht areas. Gaeltacht lands and assets will be involved in this. Aon uair a mbíonn aon agóid nó conspóid sna Gaeltachtaí faoi rudaí mar seo, má théann sé go dtí na cúirteanna - as it well may do - ba mhaith an rud é go mbeadh an reachtaíocht ar fáil i nGaeilge. Ba mhaith an rud é go mbeadh sé ar fáil do dlíodóirí, do mhúinteoirí, do shaoránaigh agus do ghnáth daoine. An rud atá á mholadh agamsa ná go ndéanfar an leasú ar seo.

Is ó Daingean Uí Chúis, Daingean, Dingle mé. Bhí trí ainmneacha i gcónaí ar ár mbaile go dtí gur tháinig an píosa reachtaíochta sin síos an bóthar chugainn. Anyway, níl mórán saibhris ar imeall iarthar na tíre seo. My area, is dócha, is not the richest place. Níl aon ró-shaibhreas ann. Ach is tobar na Gaeilge i ndáiríre é. Chomh maith le sin, is áit é ina dhéanann saoránaigh na tíre seo, muintir na Gaeltachtaí, caomhnú ar chultúr, teanga agus sean nósanna na tíre. Mar adúirt mé, níl aon ró-shaibhreas acu. Níl acu ach saibhreas a gcultúr agus a dteanga. Tá siad ag braith orainne go mór. Tuigim go n-aontóidh an Aire liomsa sa mhéid seo; tá sé de freagracht orainne gach seans agus gach deis a thógaint agus gach iarracht a dhéanamh caomhnú a dhéanamh ar chultúr na Gaeltachtaí, an Teanga - más féidir sin a dhéanamh - agus muintir na Gaeltachtaí.

I raise this issue because I want people to recognise the situation. I do not want people to see this as if coming from one of the kind of fascist groupings that often support the Irish language. I make this plea on a practical level. I want the people I went to school with and with whom I grew up to be able to do their business trí Gaeilge if that is what they want to do. I do not propose anything that will bring a huge cost to the Exchequer. There are no costs involved except translation costs, which would be involved at some stage anyway. Effectively, what I propose allows the Official Languages Act to be implemented, without the costs associated with it. In that sense, I am heartened to think the Minister will accept the amendment. That would make us all feel a bit better and would add to áilleacht na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.