Seanad debates

Monday, 9 November 2009

National Asset Management Agency Bill 2009: Second Stage

 

9:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Táim buíoch as an deis a bheith agam labhairt anseo anocht ar an reachtaíocht is tábhachtaí a chuaigh tríd na Tithe seo le tamall fada agus b'fhéidir an reachtaíocht is tábhachtaí a chuaigh tríd an Teach seo riamh. Níl dabht ar bith go mbeidh impleachtaí móra ar na cinnithe atá polaiteoirí ag dul ag glacadh sa Teach seo agus sa Teach thíos staighre anocht, amárach, lá arna mhárach agus Déardaoin. Taobh istigh de na ceithre lá sin beidh againn cinnithe a dhéanamh a rachaidh go mór i ndonas do shochaí na tíre seo, do thodhchaí eacnamaíochta agus do maitheas na tíre seo. Ag rá sin, tá fhios ag an Aire cá háit a sheasann ár bpáirtí ó thaobh na reachtaíochta seo, an Bille a thabharfaidh isteach NAMA, go bhfuilimid go huile is go hiomlán in éadan é.

Tuigim, nuair atá duine tofa mar pholaiteoir agus go háirithe nuair atá duine sa Rialtas go gcaithfidh sé nó sí cinnithe a ghlacadh agus ag glacadh na cinnithe sin, níl sé nó sí chun gach duine a shásamh an t-am ar fad. Beidh grúpaí, scaifte, daoine aonaracha, comhlachtaí agus a leithéid nach mbeidh sásta leis na cinnithe sin a ghlacadh. Tá cinnithe le glacadh ag an Rialtas seo ach is iad na cinnithe míchearta. Tá mé ag rá sin gan fhios agam cad é a bheidh ag tarlú an bhliain seo chugainn nó an bhliain ina dhiaidh sin ná i 2010 nó 2020, ach mo bharúil agus barúil an pháirtí gurb iad sin na cinnithe míchearta agus go bhfuil príomhachtaí an Rialtas seo mícheart. Sin í an fhadhb mhór atá ar chúl Bille NAMA, gurb é na príomhachtaí atá ag an Rialtas ó thaobh an reachtaíocht seo ná tacaíocht agus cosaint a thabhairt do na bainc agus na fir tógála agus, ar an lámh eile, ag iarraidh ar an gnáth dhuine, ar an phobal, an tacaíocht sin agus an cosaint sin a thabhairt dóibh. Sin an fáth go ndiúltaímid leis an Bille.

Tá go leor ráite ag Seanadóirí eile mar gheall ar na fadhbanna atá san Bille seo, nach bhfuil an cosaint ann don gnáth dhuine go bhfuil morgáiste aice nó aici ná don fear atá amuigh i mbun gnó agus nach bhfuil ábalta airgead a fháil ó na bainc, ach go bhfuil an cosaint á thabhairt do na daoine a chur an tír seo san áit a bhfuil sí ag an bpointe seo. Ceann de na fadhbanna atá againn, agus tá sé ráite agam go mion is go minic agus ní rud pearsanta é, ná ní thuigeann an Rialtas na fadhbanna atá ag gnáth dhaoine. Ní thuigeann baill an Rialtais na fadhbanna sin mar ní chaillfidh siad uair chodlata ag smaoineamh cén dóigh a íocfaidh said as a mhorgáistí, cén dóigh a íocfaidh siad a mbillí nó cén dóigh a chuirfidh siad bia ar an mbord. Ní chaillfidh said an uair chodlata sin, ach tá fhios agamsa, cé nach bhfuilim tofa sa chomhairle contae agus sa Seanad le cúig bliana, go bhfuil an cúpla mí anuas an cúpla mí is deacra, agus is duine óg mé féin. Feicim daoine ag teacht isteach go dtí m'oifig ata ina 50aidí agus ina 60aidí agus iad ag caoineadh arís agus arís eile toisc nach bhfuil an t-airgead acu lena billí a íoc. Ní thuigeann siad cén dóigh go bhfuil an Rialtas seo ar an bpointe, taobh istigh de chúpla seachtain, ag dul ag ionsaí orthu arís sa cháinaisnéis atá ag teacht aníos agus, ag an am chéanna, ag caitheamh €54 billiúin ag tabhairt an cosaint sin do na fir tógála agus na bainc. Ní hamháin iad sin nach dtuigeann é, ní thuigim é ach oiread.

I am completely opposed to the Bill. I was thinking earlier that if we were to rewind the clock to a time two years ago and narrate quickly in a couple of minutes what would happen here tonight and in the coming days, we would say it was not possible. It would not have been believed possible that the banks would take us into this situation, with greedy developers and Government politicians, or that we were on the verge of bailing out - perhaps that is not the best term - or on the verge of putting €54 billion of taxpayers' money into a system to fix what the banks and the developers would break. At the same time, we have Minister after Minister addressing us on the public airwaves, talking about the need to tighten our belts, suggesting we need to widen the tax base and that those who are not on a huge amount of money, even social welfare recipients, may have to take some of the pain in the forthcoming budget. It is amazing that this is the situation into which we have been led.

We need to get the economy back on track but the decisions the Government has taken are the wrong ones. NAMA will see workers on low wages, the unemployed and those dependent on social welfare thrown overboard to make room in the lifeboat for the elite of bankers and developers, whose greed has brought the Twenty-six Counties to the brink of bankruptcy. My party and I will not stand for this recklessness - public opinion will not stand for it either - but this is a democracy. The Cabinet is elected to office and can make decisions and there are the numbers in the Chamber to pass the legislation. As has been said by others, NAMA is legalised theft - the robbery of €54 billion through it equates to approximately €12,000 for every man, woman and child in the State. The Minister believes this is necessary and that it is necessary to impose this burden on taxpayers.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.