Seanad debates

Tuesday, 30 June 2009

Broadcasting Bill 2008 [Seanad Bill amended by the Dáil]: Report and Final Stages

 

6:00 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)

Ba mhaith liom aontú lena bhfuil ráite ag an Seanadóir Ó Tuathail. Tá seo iontach tábhachtach agus tá sár-jab déanta ag TG4 chun oidreachta na tíre agus an teanga a fhorbairt agus a choimeád beo. Aontaím go mór le seo. Tá TG4 tábhachtach do ghach duine sa tír. Ainneoin cén chaoi ina bhfuil cúrsaí airgid, tá sé tábhachtach go mbeadh tacaíocht ann an t-am go léir don stáisiún iontach seo atá ag tabhairt fostaíochta do dhaoine. Freisin, coimeádann TG4 oidhreacht na tíre agus an teanga beo agus tugann sé sult agus taitneamh do chuid mhaith dúinn. Is iontach an stáisiún é agus táimid go léir bródúil as.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.