Seanad debates

Tuesday, 24 February 2009

Development of the West: Statements

 

4:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire agus roimh an tuarascáil atá curtha thar bhráid an Tí ag an Seanadóir Doherty agus an choiste. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigfimís go bhfuil obair tábhachtach á dhéanamh ag na coistí ar rudaí mar seo. Nuair a chuala mé iriseoir de shaghas éigin ar an raidió le déanaí, bhí ceist na coistí á phlé aige. Dúirt sé nach bhfuil cumhacht acu é seo nó é siúd a dhéanamh. Tá sé tábhachtach go dtugann na coistí deis do ghnáth-daoine a dtuairimí a chur thar bhráid Baill an Oireachtais. Is maith an rud é go mbíonn seans ag na coistí tuarascálacha den tsórt seo a chur thar bhráid na Tithe.

Míneoidh mé an fáth a chuir mé iachall ar Cheannaire an Tí a chinntiú go mbeadh an díospóireacht seo againn. Ró-mhinic sa Teach seo, dírímid ar deacrachtaí timpeallachta ar leith a bhaineann le Dáilcheantar ar leith. An rud tábhachtach faoin díospóireacht seo ná go bhfuilimid ag féachaint ar an réigiún ar fad. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Dá mbeadh guth amháin ag iarthar na tíre, braithim go ndéanfaí i bhfad níos mó ar son an taobh sin den tír. Ba mhaith liom sampla a thabhairt ó thaobh bóithre de. Nuair a bhí cinneadh le déanamh ag an National Roads Authority cúpla bliain ó shin maidir le ciorraithe — bhí ar an údarás feachtais áirithe a chur ar leataobh ar feadh bliain nó dhó — b'iad na bóithre a bhí ag dul i dtreo an iarthair a chuireadh chun deiridh. Tarlaíonn sé sin i gcónaí. Tá an ceart ag an Aire nuair a deireann sé go bhfuil an caighdeán maireachtála nó pé rud a ghlaoitear air san iarthar thar barr agus is deacair é a shárú in aon tslí. Nuair a fhéachann tú ar iarthar na tíre agus ar imeall fharraige agus ar imeall Atlantach na tíre seo, is dócha gur féidir a rá go bhfuil an t-aer féin, an fharraige féin agus meon na ndaoine agus draíocht ar leith a bhaineann leis an áit sin agus tá siad sin thar a bheith tábhachtach. Ach, ag féachaint ar na rudaí sin, táim ag iarraidh é seo a mholadh agus díriú isteach ar seo mar shampla de rud nach bhfuil ag tarlú agus nílim ag cur seo ar bhráid an Tí mar aon sórt gearán ach deirtear in san rud a chuir an tAire amach chugainn "for some time I have been working with my colleagues to see how we can unlock the potential for marine leisure within existing resource". I ndáiríre tá seans i ndiaidh seans i gcónaí chun é sin a dhéanamh. Ansin luann sé mar gheall ar an Volvo Ocean Race ag teacht go dtí na Gaillimhe ar feadh coicís amach anseo. Is maith is cuimhin liom an tseachtain deireanach i Mí Bealtaine agus an chéad seachtain i Mí an Mheitheamh. Bhí mé in Aukland, New Zealand i 2002 nuair a tháinig an Volvo race isteach agus tá an ceart agat, it is a huge event ach an bhfuil fhios agat na daoine go bhfuil suim acu san rud sin, is daoine iad a bhfuil suim acu i rudaí cosúil le seoltóireacht, bádóireacht agus rudaí mar sin san fharraige?

Bhí an plean náisiúnta ag na Rialtas seo deich mbliain ó shin agus bhí mar cheann des na aidhmeanna an uair sin ná go mbeadh, agus is cuimhin an frása a bhí ann, "a necklace of marinas along the west coast of Ireland". Cad a tharla? Is féidir leat dul i mbáid ó chathair Chorcaigh go Cionn tSáile go hOileán Béara go Cathair Saidhbhín go dtí Daingean Uí Chúis isteach go dtí bá Thrá Lí ansin go dtí Kilrush and that is where it stops. Cén fáth? Ba chóir go mbeadh marina chomh maith in Dúlainn i mBaile Uí Bheacáin. Tá ceann á thógáil i dháilcheantar an tAire áit éigin in aice le cathair na Gaillimhe ach ba chóir go mbeadh ceann chomh maith in oileán Árainn amach anseo sa Chlochán agus ar fud na tíre. Is cuimhin liom cúig bliana ó shin bhí mé ag féachaint timpeall an Fhóid Dubh i nGaeltacht Mhaigh Eo agus do bhí fógra pleanála ansin seeking permission for the erection of a marina agus bhí an-áthas orm é sin a fheiceáil mar bhí sé ana gharr do Oileán Acaill agus bheadh sé ana oiriúnach ansin do dhaoine. Bhí mé ansin bliain ó shin agus ní raibh aon dul chun cinn déanta. It does not take huge money. Floating moorings are not that expensive ach an deacracht atá ann tá deis anois ann á chailliúint againn i mbliana when you could have hundreds of boats. People will come from France agus gach bliain is féidir a bheith cinnte, gan amhras chonaic an tAire féin iad sa Daingean, agus ón mBreatain agus ó áiteanna eile agus timpeall na tíre agus ní théann siad níos faide ó thuaidh. An deacracht i gcónaí a bhaineann le iarthar na tíre seo ná bhfuil an t-infreastruchtúr i gcónaí dírithe i dtreo Baile Átha Cliath. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh infreastruchtúr ann ag dul ó tuaisceart go deisceart agus visa versa. Sin an tábhachtach ar leith a bhaineann leis an mbóthar nua sin ó Sligeach síos tríd Gaillimh agus tríd Luimneach go dtí Corcaigh, the Atlantic highway nó pé rud a glaoitear air. Sin an fáth chomh maith agus sin rud atá luaite ag an tSeanadóir Pearce Doherty cúpla uair roimhe seo go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an iarnród. The Minister you mentioned that it was going from Ennis to Athenry. Is dóigh liom i ndáiríre go bhfuil sé ag dul ó Luimneach go dtí Baile Átha an Rí ach an deacracht atá ann ná, go mba chóir go mbeadh sé ag dul, amach anseo, níos faide ná Clár Chlainne Mhuiris go dtí Sligeach agus ó Shligeach go dtí Leitir Ceanainn agus Doire. Dá mba rud é go raibh an toil pholaitiúil ann chun é sin a chur chun cinn, bheadh sé thar a bheith tábhachtach. Ní féidir liom smaoineamh ar aon rud níos tábhachtaí ná iarthar na tíre a oscailt. An rud eile is tábhachtaí, rud atá curtha chun cinn cúpla uair ag an Seanadóir Mark MacSharry, nach bhfuil ollscoil san taobh sin tíre sa phoblacht ar aon nós agus ba chóir go mbeadh sé sin ann chomh maith. Ba chóir go mbeadh, gan amhras, seans ag daoine a gcuid oideachas ar fad a bheith acu timpeall a n-áit dúchais féin. Tá sé sa tuarascáil nach mbíonn ró-sheans ag céimithe fostaíocht a fháil timpeall a n-áit dúchais féin agus is mór an trua sin. Cén fáth go bhfuil an deacracht sin ann? Ceann des na deacrachtaí is mó a bhaineann leis sin ná ganntanas infreastuchtúr, mar shampla broadband. Níl an banda leathan ar fáil in a lán áiteanna.

Is cuimhin liom labhairt anseo deich mbliain ó shin agus dúirt mé nár chreid mé riamh nach dtabharfadh Eircom príobháidithe an banda leathan riamh go dtí Béal an Mhuirthead. Gan amhras sin mar a tharla chomh maith. Sampla eile, ag féachaint ar an infreastruchtúr gáis, is mór an trua i measc na deacrachtaí ar leith a bhí acu i Mhaigh Eo mar gheall ar an gás, nár cuireadh an choinníoll a thabhairt siar isteach do Ghaeltacht Mhaigh Eo chun go mbeadh sé sin acu ann mar sórt buntáiste éigin tar éis an achrann ar fad, atá acu, a bhí acu agus atá fós ar siúl ann.

Dhéan an tAire tagairt ar an tábhacht ar leith a bhaineann leis an t-aigéan Atlantach agus ó thaobh a bhaineann leis, gan amhras an rud ba chóir go dtarlódh ansin is that we should be doing special development of renewable energy resources a bhaineann leis an aigéan go mór mhór fuinneamh tonnta, fuinneamh taoide agus gan amhras fuinneamh gaoithe. Is é seo an rud is tábhachtaí go chóir go ndéanfaí trí "the urgent infrastructural legislation". Ba chóir go mbeadh aon dul chun cinn mar sin fast tracked tríd an córas pleanála nua mar tá sé thar a bheith tábhachtach do mhuintir an iarthair go mbeadh an sórt sin rud ann.

Luaigh an tSeanadóir Labhrás Ó Murchú an tábhacht ar leith a bhaineann le feirmeoireacht glas nó tionsclaíocht glas agus tá an-seans chun é sin a dhéanamh in iarthar na tíre. Mar gheall ar gur oileán sin, tá an-seans againn dul chun cinn a dhéanamh. Mar gheall ar an rud a dúirt an Seanadóir Labhrás Ó Murchú mar gheall ar chúrsaí bia agus an tionsclaíocht atá bainteach leo agus na coinníollacha a bhaineann leo, tuigeann gach aon duine an tábhacht a bhaineann le, go mbeadh coinníollacha seachas ceadú a thabhairt do dhaoine. If you are producing half a million sandwiches a day, gan amhras is cinnte gur cóir go mbeadh coinníollacha ar leith ag baint leis sin ach an deacracht, agus tá sé chomh simplí leis seo mar fhreagra don cheist a chur an Seanadóir Labhras Ó Murchú, má tá an duine i sráid bhaile nach bhfuil ach ag cur le chéile 100 nó abair 20 dosaen de cheapairí in aghaidh an lae, bíonn air nó uirthi na coinníollacha céanna a chomhlíonadh is a bhíonn ag an tionscal mór. That is the difference, agus mar gheall ar sin ní bhíonn an dara seans ag aon sórt cottage industry, aon sórt tionsclaíocht beag nó micro-tionsclaíocht. Ní gá go mbeadh sé mar sin, ní tharlaíonn sé sin sa Fhrainc agus ní ceart agus ní gá an milleán a chur ar an Eoraip mar gheall ar sin mar baineann sé sin linn féin na coinníollacha nó na cinneadh atá tógtha againn féin anseo. Mar gheall ar sin, ag féachaint siar ar na marinas arís, tá dul chun cinn agus is fíor don tAire, agus chonaic mé an dul chun cinn atá déanta ó thaobh céanna agus cuain timpeall iarthair na tíre and I certainly will not argue against that. Ach tá dul chun cinn níos mó ná marinas a chur, floating moorings atá thar a bheith tábhachtach mar a lán des na báid tá a lán airgid curtha isteach acu agus bíonn siad ag féachaint cén sórt cosaint a bheadh ann dos na báid agus tá sé sin tábhachtach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.