Seanad debates

Tuesday, 24 February 2009

Development of the West: Statements

 

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

It is ironic that island is home to the largest island infrastructure project in the State, the €40 million development of the Cill Rónáin pier to facilitate separate areas for the passenger ferries and fishing vessels.

Is mór an peaca freisin nach bhfuair an tSeanadóir an deis dul chomh fada le hlnis Meáin, áit a bheadh an ché nua a d'osclaíodh anuraidh le feiceáil ann. Ar ndóigh, tá forbairtí mhóra ar na hoileáin eile ar fad, ina measc, €10 milliún caite ar Inis Bó Finne, €12 milliún caite ar Oileán Chléire, €2 mhilliún ar Inis Tuirc — sin ar chéibheanna, gan trácht ar an iliomad airgid atá caite ar na hoileáin le blianta beaga anuas. Tuigeann an tSeanadóir óna chuairt go bhfuil seirbhísí eitleáin agus bháid chomh riachtanach ar na hoileáin mhara agus atá mórbhealach ar an mórthír. Is bunchloch de pholasaí an Rialtais é do na hoileáin mhara é go mbeadh na seirbhísí iompair sin ar fáil dóibh mar ní morán dul chun cinn a dheanfaí gan an bonneagar no an infreastruchtúr sin.

Mar achoimre, ba mhaith liom a rá go gcuirfidh me spéis sna rudaí a bheas le rá ag na Seanadóirí. Má tá dearmaid sa mhéid atá ráite agam, éistfidh mé go cúramach. Tugann na ráitis seo deis dom smaoineamh a dhéanamh ar na tuairimí ata ag Seanadóirí maidir le forbairt an iarthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.