Seanad debates

Tuesday, 24 February 2009

Development of the West: Statements

 

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Cuirim fáilte roimh cuid de na moltaí atá sa tuarascáil on Chomhchoiste Oireachtas um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe Agus Gaeltachta agus tá taithí mhaith agam ar an chuid is mó díobh sin. Tá riar mhaith eile de mholtaí sa tuarascáil nach mbaineann go díreach le réimse mo Roinne féin ach mar Aire sinsearach atá mar bhall den Rialtas, cuirim spéis iontu fiú muna n-aontaíom go h-iomlán leo. Failtím roimh an tacaíocht atá léirithe sa tuarascáil do na gníomhaíochtaí atá ar bun ag an Rialtas chun dul i ngleic le titim daonra sna ceantair is iargúlta sa tír mar atá ar bun le CLÁR. Tá me sásta freisin go dtugann an tuarascáil aitheantas don tábhacht a bhaineann le hinfreastruchtúr cosúil le conair bhóthar an Atlantaigh a fhorbart agus le hiarnróid an iarthair a ath-oscailt.

Is bailiúchán cuimsitheach é an tuarascáil de na rudaí uile a dhéanfá dá mbeadh cead do chinn agat do rogha polasaí a chur i bhfeidhm agus múna mbeadh ceist ar bith ann faoi mhaoiniú Stáit agus mar sin de. Ag an am céanna, ní mór dúinn ag an am ghátair seo don eacnamaíocht dhomhanda breathnú céard iad na céimeanna gur féidir linn uile a thógáil le cheile chun teacht slán as na dúshláin eacnamúil atá ann faoi láthair.

The publication of the Oireachtas joint committee report comes at a time of severe global economic challenge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.