Seanad debates
Tuesday, 14 October 2008
Volunteering in Irish Society: Statements
1:00 pm
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Is mian liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit agus roimh an oifigeach ón Roinn. Tá áthas orm go bhfuil seans again na ráitis seo a phlé inniu. Ní dóigh liom go bhfuil éinne ar an oileán seo nach dtuigeann an tábhacht a bhaineann leis an ábhar seo. Níl an t-ábhar seo á phlé toisc go bhfuil an cáinfhaisnéis ag teacht i láthair inniu. Ag aon am, tá sé mar thraidisiún againn sa tír seo bheith ag faire amach dos na comharsana. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Tá sé deacair sin a shárú.
No comments