Seanad debates

Wednesday, 25 June 2008

Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Committee and Remaining Stages

 

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

I dtosach báire, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Seanadóirí as an inchur a bhí acu sa mBille. Tá leasuithe tábhachtacha déanta inniu. Is dóigh liom go ndéanfaidh sé difríocht go bhfuil feidhm iarghabhálach le seo. Taispeánann sé uair amháin eile an gá atá leis an dara Teach. It is fair to say that the work done in the Seanad is often overlooked. Many Bills have been amended in the Seanad and if such legislation had been left unchanged after being read in the Dáil it would be poorer. The amendments to this Bill are no exception. I thank Senators for taking on trust that we would revert to this issue on Report Stage and that we were listening. The amendment put forward and agreed is a reasonable way of dealing with the issue. I like that it is legally possible to deem that something has happened. Tá an Bhille tábhachtach mar, don chéad uair, beidh cur chuige ceart ag déanamh freastal ar an bpobal. For too long, the Irish language, in terms of service provision, was not focused on what the public needed. We will now have available a list of barristers and solicitors capable of practising law in Irish. We have found, in respect of the list of translators which was proofed by Forás na Gaeilge, that people are consulting that list and using the translators because they know they have the standard of Irish required.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Seanadóirí agus Teachtaí as ucht an tacaíocht a thugadh ó chuile thaobh don dá Theach. Tá sé thar a bheith tábhachtach go raibh plé bríomhar againn ar an gceist seo. Tá súil agam go mbeidh togha seirbhíse ar fáil trí Ghaeilge dóibh siúd a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a úsáid agus iad os comhair na cúirte.

Maidir leis an méid a dúirt an Seanadóir O'Toole faoi na cúirteanna, luafaidh mé é sin le mo chomhghleacaithe, an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Le gairid, tá mé tar éis comhlacht páirtnéireachta Leader a dhéanamh don Ghaeltacht ar fad. Creidim go gcuirfidh sé sin leis an tseirbhís atá ar fáil ag an leibhéal sin. Tugaim i gcónaí "an 27ú contae" ar an Ghaeltacht. Tá idir Gaeltachta láidre agus laga ann. Go deimhin fhéin, le déanaí bhí mé i nGaeltacht i gContae na Gaillimhe, áit inar roghnaigh muintir na háite dul leis an gcomhlacht Gaeltachta seachas le chomhlacht eile in oirthear na Gaillimhe. Taispeánann sé sin an rogha a dhéanfaidh daoine nuair atá rogha acu. Creidim go bhfuil bunús leis an méid atá le rá ag an Seanadóir. Ba cheart go mbeadh breitheamh le Gaeilge ag freastal ar na ceantair Gaeltachta, cibé cén bealach ina ndéanfar é. Beidh mé ag plé na ceisteanna sin leis an Aire. Chomh maith leis sin, is féidir soláthar a dhéanamh sna pleananna teangacha a thugtar isteach ag mo Roinn. Ar ndóigh, bíonn baint agam leo. Caithfidh an tSeirbhís Chúirteanna plan teangacha a thabhairt isteach. Is féidir linn breathnú ar an gceist sa chomhthéacs sin chun a dhéanamh cinnte go bhfuil freastal á dhéanamh trí Ghaeilge. Níl oifigigh le Gaeilge lag ag teastáil ag daoine atá iomlán líofa sa Ghaeilge. Ba cheart dúinn daoine iomlán líofa a chuir ar freastal ar na cúirteanna Gaeltachta. Pléfidh mé na ceiste sin le mo chomhghleacaithe, an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.