Seanad debates

Wednesday, 25 June 2008

Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Committee and Remaining Stages

 

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar a mhínigh mé cheana, creidim go bhfuil sé seo tábhachtach, go mórmhór d'aturnaetha — más féidir liom é a rá — ach freisin d'abhcóidí. Nuair atá gairmithe cúirte, srl., ag dul thart, ba deas an rud é dá mbeadh fios acu ar na bun-téarmaí dlí. Creidim gur soláthar úsáideach é an cúrsa agus go mbainfí go leor úsáid as. Beidh sé sin riachtanach do gach éinne. Tá an scrúdú riachtanach imithe. De thoradh na forála seo, beidh sé ar chumas daoine áirithe an ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Beidh a fhios ag an bpobal cé hiad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.