Seanad debates
Wednesday, 25 June 2008
Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Committee and Remaining Stages
3:00 pm
Joe O'Toole (Independent)
Cuirim fáilte roimh an Aire go dtí an Teach. Fáiltím go mór roimh na leasuithe atá romhainn in ainm an Aire. Chuir sé isteach go mór orm nuair a thuig mé go raibh seans ann go mbeadh deacrachtaí acu siúd ata ag freastal ar an gcúrsa úd faoi láthair. Tá mé an-sásta leis na leasuithe atá molta aige. I will withdraw my amendments because the Minister's ones deal with the issue concerning me, namely, people half way through, or almost finished, the Kings Inn's course. Bhí deacrachtaí ar leith ann. Bhí fonn orm an dainséar sin a bhaint de. Is dócha go bhfuil an rud is simplí déanta ag an Aire anois. Tá an "commencement date" ar fad bainte as an rud. Tá mé an-sásta le sin.
Caithfidh mé rud beag amháin a rá. Ag féachaint ar an reachtaíocht, níl a fhios agam an mbeidh an Aire in ann aon rud a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh áiteanna riaracháin na cúirteanna dúiche sna Gaeltachtaí le chéile. The borders of a Gaeltacht area, for instance, would also be a place where it would be the norm perhaps, go mbeadh Gaeilge ar fáil do dhaoine sna cúirteanna sin. I do not know. It has nothing to do with this particular Bill, ach ba mhaith an rud é go mbeadh sé sin ann. Braithim go bhfuil sé seo tábhachtach.
An rud a chuireann isteach orm beagáinín — a slight misgiving I have about it — ná go bhfuil foráil áirithe imithe anois. Tá mé ag caint mar gheall orthu siúd nach bhfuil Gaeilge acu. Go dtí seo, bhí orthu freastal ar an gcúrsa. Phioc siad suas a lán den téarmaíocht, ainmneacha agus foclóir a bhaineann leis an dlí. Tá seans ann go bhfuil sé sin imithe anois. I suppose times are changing. There is not much we can do about it. Ar an dtaobh eile den scéal, this is important. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil sé ann. Cuirim fáilte mór roimhe. Mar a dúirt mé cheana, fáiltím go mórmhór na leasuithe atá molta ag an Aire. Ar an bhonn sin, tá mé chun mo leasuithe a tharraingt siar ag an bpointe seo.
No comments