Seanad debates

Wednesday, 25 June 2008

Broadcasting Bill 2008: Report Stage

 

12:00 pm

Photo of Jim WalshJim Walsh (Fianna Fail)

Cosúil leis na Seanadóirí eile, táim buíoch don Aire cé go bhfuil leasú Uimh. 76 ar an gclár. Is dócha go bhfuil sé an-oiriúnach go mbeadh ceangail le muintir na Gaeltachta sa Bhille seo. Nílim chun dul siar ar gach aon rud a dúirt an Seanadóir Ó Tuathail ar leasaithe Uimh. 14 agus 18 seachas le rá go n-aontaíom le morán atá ráite aige. Is dócha go bhfuil sé oiriúnach go mbeadh website Radio na Gaeltachta agus TG4 as Gaeilge agus as Béarla. Tá dualgas orainn go léir agus ar RTE an teanga a chur chun chinn agus mar sin, aontaím le leasú Uimh. 18. Más féidir leis an Aire glacadh leis na leasaithe sin, cuirfidh mise fáilte le sin. Cuirfidh sé feabhas ar an mBille agus dul chun chinn leis an dteanga, rud atá tábhachtach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.