Seanad debates

Wednesday, 4 June 2008

Broadcasting Bill 2008: Committee Stage

 

2:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

Ba mhaith liomsa tacaíocht a thabhairt do na leasuithe atá molta anseo, Uimh. 13, 14 agus 15. Ar an drochuair, níl an tAire ag glacadh le leasú Uimh. 13. Ba mhaith liom go háirithe labhairt faoi mholadh atá déanta ag an Seanadóir Ó Raghallaigh i leasú Uimh. 14 ar section 25. Sílim go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis seo agus mar a dúradh roimhe anseo, caithfimid reachtaíocht a thabhairt isteach agus caithfimid quotas a leagan síos má tá muid le hathbheochan na Gaeilge a fheiceáil sa tír seo. Ní hamháin go gcaithfimid é a fhágáil suas ag an córas oideachas, ag polaitíocht nó ag na dreamanna nó na heagrais Gaeilge ach caithfidh sí bheith mar pháirt de gach aon ghné den saol agus tagann seirbhísí teilifíse agus raidió isteach go mór anseo.

Má fheictear ar an méid atá déanta ag na cláracha agus ag na stáisiúin sin, tá obair faoi leith déanta acu. Má fheicimid ar na cláracha atá déanta i nGaeilge, tá siad ar chomh chéim nó b'fhéidir níos airde ná cuid mhaith nó an cuid is mó de na cláracha atá i meán an Bhéarla. Cífimid "Ros na Rún", "FFC" agus cláracha mar sin atá leanúint ní hamháin sa Ghaeltacht acu ach taobh amuigh den Ghaeltacht. Rud a shílim fhéin atá fíor thábhachtach ná na cláracha i nGaeilge do pháistí.

Sílim go bhfuil sé tábhachtach go leagtar síos spriocanna don méid cláracha Gaeilge go mba cheart a bheith craolta ag na stáisiúin seo. Molaim an Seanadóir Ó Raghallaigh as ucht na leasaithe seo a thabhairt isteach agus iarraim ar an Aire glacadh leo. Níltear á rá, dóigh amháin nó dóigh eile, gur cheart go mbeadh an quota 10%, 15% nó 20%. Sé an rud atá á rá ná go nglacfar leis an prionsabal gur cheart quota a bheith ann. Sílim má tá muid ag glacadh le quota gur cheart cineál minimum quota a ghlacadh agus go gcaithfidh sin a bheith ann ar a laghad.

Is ár gcuid cáineach atá ag cur na seirbhísí seo agus na cláracha seo ar fáil agus tá ceartanna ann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ag muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge. Is ceart go nathneodh na stáisiúin teilifíse agus raidió iad. Molaim an leasú dá réir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.