Seanad debates

Wednesday, 14 May 2008

Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Second Stage

 

1:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Ba mhaith liom, chomh maith, fáilte a chur roimh an Aire Stáit nua agus comhghairdeas a ghabháil leis. Go n-éirí go maith leis ina jab nua. Cuirim fáilte ar leith roimh an mBille seo. Is mór an trua é go bhfuil an tAire, an Teachta Ó Cuív, imithe. Tá mé chun rud a rá anois nach bhfuil ráite agam le fada — go n-aontaím 100% leis an méid atá á mholadh aige inniu. Is minic a bímid in achrann agus ag argóint lena chéile. Tá mé thar a bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta sa Bhille seo. An rud is tábhachtaí a bhaineann leis an mBille ná go bhfuil gluaiseacht ann ó éiginnteacht go dtí roghnú. Beidh oibleagáid ar an bPríomh-Bhreitheamh a chinntiú go bhfuil Gaeilge ag daoine a bhfuil ag dul isteach i ngairm na habhcóide agus i ngnéithe eile don dlí. Ba mhaith liom scéal a insint mar gheall ar an am a bhí mé ag plé an ábhar seo le abhcóide ós na Stáit Aontaithe. Tar éis uair a' chloig de mhúinteoireacht ó dhuine éigin, bhí an "bar" shroichte aige ó thaobh caighdeán na Gaeilge de agus bhí sé in ann dul isteach i ngairm na habhcóide. Ní raibh aon mhaitheas sa mhéid sin. Táimid ag tógaint isteach córas chun daoine le Gaeilge a roghnú chun a chuid oibre a dhéanamh sna cúirteanna agus, ar leith, ag plé le ghnáthdhaoine. Is é sin an rud is tábhachtaí.

Is é an rud is tábhachtaí ó thaobh polasaithe Gaeilge an Stáit ná go mbeimid i gcónaí ag cur cleasanna, seifteanna nó polasaithe i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil gnáthdhaoine in ann maireachtáil trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh gach éinne — ag tosnú le muintir na Gaeltachta — in ann gach gné dá shaolta a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo. Is cuimhin liom nuair a bhí an iar-Aire Stáit, Dr. Tom Moffatt, ag caint sa Teach seo deich mbliana ó shin. Bhí an jab céanna aige an uair sin is atá ag an tAire Stáit, an Teachta Devins, anois. Bhí sé ag stiúradh reachtaíochta tríd an tSeanaid chun cumhacht a thabhairt don Stát daoine a chur go dtí ospidéil na meabhar i gcoinne a dtola. Gan amhras, bhí sé sin an-dheacair ó thaobh cearta sibhialta agus daonna de. Bhí an cheist á phlé againn anseo go mór. Bhíomar faoi oibleagáid ag an am sin, mar atáimid ina lán gnéithe de shaol na tíre, chun a dheimhniú go mbeadh cearta ar fáil ag daoine a thagann go dtí na tíre seo ó tíortha eile ina theanga dhúchais féin. An rud a bhí ag cur isteach orm ag an tam sin ná nach raibh na cearta céanna a bhí á gcur ar fáil againn d'iad siúd a gcuirfí isteach in ospidéal na meabhar i gcoinne a dtola ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Mhol mé gur chóir dúinn an reachtaíocht a leasú chun go mbeadh ceartanna áirithe curtha go soiléir, scríofa nó labhartha, os comhair na ndaoine sin. Ní raibh an Rialtas sásta nó in ann aontú liom sa mhéid sin.

Tá sé sin tábhachtach mar gur cheart dúinn bheith in ann déileála le daoine ina theanga féin nuair atá siad faoi bhrú — mar shampla, nuair a bhíonn mearbhall orthu ag am mar sin. Dá bhrí sin, tá an méid atá sa Bhille seo thar a bheith tábhachtach — níos tábhachtaí ná a lán de na rudaí éiginnteach a bhaineann leis na polasaithe atá againn. Táimid ag caint mar gheall ar dhaoine atá ag déanamh a gcuid oibre trí Ghaeilge agus ag tabhairt seirbhís Ghaeilge do Gaeilgeoirí agus mhuintir na Gaeltachta. Sa mhéid sin, tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá sé ceart go mbeadh sé ann agus go mbeadh an rud céanna ann i mórchuid gnéithe éagsúla den saol. Bíonn rudaí den tsórt seo á mholadh ag an gCoimisinéir Teanga agus ba chóir dúinn iad a mholadh freisin. Is sampla é seo den sórt dul chun cinn phroifisiúnta agus phraiticiúil gur féidir linn a chur i bhfeidhm. Níl sé chun brú a chur ar éinne nó cur isteach ar cheartanna éinne. Tá sé in am dúinn tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhfuil compordach i n-úsáid na Gaeilge. Sa mhéid sin, tá sé tábhachtach go mbeidh muid in ann agus sásta tacú leo.

Tá a lán gnéithe tábhachtacha eile de shaol na tíre le plé, mar shampla, scoileanna na Gaeltachtaí, idir bhunscoileanna agus meánscoileanna, ó thaobh múinteoirí cabhracha de. Le fada, níl achmhainní ar fáil do na múinteoirí seo. Níl cláir oibre nó modhanna oibre i nGaeluinn, atá dírithe ar mhuintir na Gaeltachta, ar fáil dóibh. Is mór an trua é sin. Níos tábhachtaí fós, aon uair a bhíonn ar scoil Ghaeltachta pháiste a chur faoi athbhreithniú síceolaíochta, déantar an athbhreithniú ar fad trí Bhéarla. Conas is féidir athbhreithniú síceolaíochta sásúil a dhéanamh ar pháiste gan é a dhéanamh ina theanga dhúchais? Sin gnáth rud a tharlaíonn seachtain i ndiaidh seachtaine i scoileanna Gaeltachta agus is léiriú é ar ghné eile den fhadhb.

Tá an méid atá sa Bhille seo praiticiúil, réasúnta, soiléir agus indéanta agus beidh sé furasta é a chur chun cinn. Tá se thar a bheith tábhachtach go mbeidh daoine óga ó na Gaeltachtaí nó ó scoileanna lán-Ghaeilge in ann, don chéad uair riamh, freastal ar chúrsa triú leibhéal chun bheith ina abhcóide nó dlíodóir agus a gcuid oibre nó céatadán maith de a dhéanamh trí Ghaeluinn. Níos tábhachtaí fós, beidh téarmaíocht á bhunú agus á fhorbairt go leanúnach acu trí úsáid na bhfocal nua sa téarmaíocht nua. Nuair a bhíonn reachtaíocht agus dlithe á phlé againn anseo, ní bhíonn an téarmaíocht nua againn i gcónaí. Mar shampla, déarfainn nach bhfuil Gaeilge againn anseo ar choireanna ar leith. Cinnte, nuair a éisteann muid ar maidin le Raidió na Gaeltachta nó le TG4, cloiseann muid focail nua agus tuigeann muid céard atá i gceist, ach de gnáth, is focail iad nach raibh riamh cloiste againn cheana.

An rud is tábhachtaí atá á dhéanamh anseo ná go bhfuil muid ag tógaint ruda agus ag tabhairt beatha dó. Táimid ag cruthú cineál "living language" den dlí dóibh siúd atá ag cleachtadh dlí, idir abhcóidí agus dlíodóirí. N'fheadar an bhfuil aon rud níos tábhachtaí ná sin do mhuintir na Gaeltachtaí. Gan amhras, ní bheidh focal sna nuachtáin ar maidin faoin díospóireacht seo mar níl an t-ábhar seo tábhachtach do dhaoine tábhachtacha ar an taobh thoir den oileán seo. Ach, is ábhar an-tábhachtach é. B'fhéidir gur coiscéim bhig í, ach is coiscéim thar a bheith tábhachtach í. Is dul chun cinn tábhachtach é chomh maith. Is é an sórt ruda é a chuireann béim ar leith phraiticiúil agus réasúnta ar pholasaithe Gaeluinne, gur féidir linn cur i bhfeidhm a dhéanamh i leith na bpolasaithe sin. Is cur i bhfeidhm atá sa Bhille seo agus cuirim fáilte mór roimhe. Táim an-sásta tacaíocht a thabhairt dó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.