Seanad debates

Wednesday, 14 May 2008

Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Second Stage

 

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá áthas orm, thar ceann an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an díospóireacht ar Bhille na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2007 a thosú agus príomh-fhorálacha an Bhille a leagan amach. Is é cuspóir an Bhille seo, a chuirfear in áit in ionad na forálacha reachtúla atá ann faoi láthair i dtaca le hinniúlacht Ghaeilge d'abhcóidí agus d'aturnaetha, ná go mbainfeadh lucht cleachta dlí úsáide níos fearr as an nGaeilge agus go gcuirfí seirbhísí dlíthiúla ar fáil trí Ghaeilge. Go háirithe, ceanglaítear leis an mBille ar Chumann Onórach Óstaí an Rí agus ar Dhlí-Chumann na hÉireann, le linn dóibh abhcóidí agus aturnaetha faoi sheach a oiliúint, aird a thabhairt ar stádas na Gaeilge mar phríomh-theanga oifigiúil an Stáit, agus bearta réasúnacha a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh líon dóthanach abhcóidí agus aturnaetha ábalta an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge.

Foráiltear leis an mBille go mbunóidh Cumann Onórach Óstaí an Rí agus an Dlí-Chumann cúrsa teagaisc ar théarmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge agus ar thuiscint téacsanna dlíthiúla sa Ghaeilge do gach duine a bheidh ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí agus ar chúrsa cleachtais ghairmiúil an dlí-chumainn. Tá sé réasúnach go mbeifí ag súil leis go mbeadh cur amach ag na gairmithe dlí go léir ar an mbun-téarmaíocht dhlíthiúil sa Ghaeilge. Is amhlaidh atá ach go háirithe i gcás aturnaetha, arb iad an chéad phointe teagmhála — agus an t-aon phointe teagmhála, go minic — a bhíonn ag formhór na ndaoine leis an gcóras dlí.

Ceanglaítear, freisin, ar Óstaí an Rí agus ar an dlí-chumann ard-chúrsaí staidéir sa Ghaeilge a bhunú i gcomhair oiliúnaithe agus scrúduithe a chur ar siúl ar an gcúrsa sin uair sa bhliain ar a laghad. Tá sé ceaptha go gcuirfidh na hard-chúrsaí ar chumas abhcóidí agus aturnaetha an réimse iomlán seirbhísí dlíthiúla a sholáthar trí Ghaeilge. Ina theannta sin, foráiltear leis an mBille go gcuirfear cláir ar fáil don phobal, ar chláir iad atá le bunú agus le cothabháil ag Óstaí an Rí agus ag an dlí-chumann, ina dtabharfar sonraí teagmhála na gcleachtóirí sin a n-éiríonn leo i scrúduithe an ard-chúrsa agus atá ábalta seirbhísí dlíthiúla a chur ar fáil trí Ghaeilge.

I láthair na huaire, déantar socrú maidir le ceanglais Ghaeilge le haghaidh abhcóidí san Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht), 1929. Foráiltear le hAcht 1929 nach bhféadfaidh an Príomh-Bhreitheamh a cheadú d'aon duine cleachtadh mar abhcóide dlí i gcúirteanna na hÉireann mura mbeidh an Príomh-Bhreitheamh sásta, ó chibé fianaise a ordóidh an Príomh-Bhreitheamh, go bhfuil go leor eolas ag an duine sin ar an nGaeilge. Mínítear "leor-eolas" mar an méid sin oilteachta i labhairt agus i scríobh na Gaeilge agus is leor chun a chur ar chumas cleachtóra dlí, le héifeacht, treoracha a ghlacadh, comhairle a thabhairt do chliaint, finnéithe a cheistiú agus imeachtaí sa Ghaeilge a thuiscint.

Cé gur ar an bPríomh-Bhreitheamh atá an oibleagáid inniúlacht sa Ghaeilge a chinntiú i gcás aon abhcóide ar mhian leis nó léi go ndéanfaí é nó í a ghlaoch chun an Bharra, níl aon cheanglas ann an Ghaeilge a áireamh mar ábhar roghnach nó éigeantach i gcúrsa céime abhcóide dlí Óstaí an Rí. Déantar aon teagasc nó taifead ar inniúlacht atá ag teastáil a thabhairt lasmuigh den chúrsa céime, agus déantar é a shocrú ionas gur féidir leis an bPríomh-Bhreitheamh a fheidhm nó a feidhm reachtúil, dá bhforáiltear leis an Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929, a chomhall. Tá an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí den tuairim nár cheart go leanfadh an Príomh-Bhreitheamh d'fheidhm den sórt sin a bheith aige nó aici. Tá Príomh-Bhreitheamh i ndiaidh Príomh-Bhreithimh tar éis an tuairim sin a nochtadh le blianta beaga anuas. Déantar socrú leis an mBille chun Acht 1929 a aisghairm agus chun forálacha atá níos nua-aimseartha a chur ina ionad.

Tá an Rialtas agus an tAire, an Teachta Dermot Ahern, ar aon intinn gur féidir na socruithe atá ann faoi láthair a fheabhsú, d'fhonn a chinntiú go mbeidh daoine ar mhian leo a gceart bunreachtúil a fheidhmiú, chun Gaeilge a úsáid in imeachtaí os comhair na gcúirteanna, ábalta sin a dhéanamh. Cuirfidh na forálacha atá sa Bhille feabhas ar an scéal, trí chur leis an oiliúint sa Ghaeilge d'abhcóidí, agus gur cheart go gcinnteoidís go mbeadh líon níos mó abhcóidí inniúil sa Ghaeilge.

Bhí feidhm ag an Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929 maidir le haturnaetha go dtí gur tugadh socruithe nua isteach san Acht Aturnaethe 1954. Le cáiliú chun a nglactha mar aturnaetha, ceanglaítear le hAcht 1954 ar mhic léinn dhá scrúdú sa Ghaeilge a dhéanamh. Baineann an chéad scrúdú le daoine atá ag iarraidh dul faoi cheangal dintiúirí printíseachta, agus baineann an dara scrúdú le daoine ar mhian leo go ndéanfaí iad a ghlacadh mar aturnaetha. Is é is cuspóir don dara scrúdú a chinntiú "go bhfuil eolas inniúil ar an nGaeilge ag daoine a ghnóthós é, is é sin le rá, an inniúlacht sin ar labhairt agus ar scríobh na teangan is leor chun a chur ar chumas aturnae, le héifeacht, teagasc a ghlacadh, cliaint a chomhairliú, finnéithe a cheistiú, agus imeachtaí a thuiscint i nGaeilge". Is ionann an tástáil inniúlachta seo agus an ceann a húsáidtear in Acht 1929 i gcomhair abhcóidí.

Léiríonn an Bille, arna leasú sa Dáil, stádas bunreachtúil na Gaeilge mar phríomh-theanga oifigiúil an Stáit. Cuireann Airteagal 8 den Bhunreacht dualgas ar an Stát a chinntiú gur féidir le saoránaigh feidhm a bhaint as a gceart bunreachtúil chun Gaeilge a úsáid in imeachtaí os comhair na gcúirteanna. Tugtar feidhm, i bhfoirm reachtúil, le halt 8 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 do na cearta bunreachtúla sin. Foráiltear leis go bhféadfaidh duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a húsáid in aon chúirt, aon phléadáil in aon chúirt, nó aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt. Foráiltear leis, ina dhiaidh sin, go gcaithfidh gach cúirt a chinntiú nach gcuirfear aon duine faoi mhí-bhuntáiste as siocair na teanga a roghnaíonn sé nó sí, agus go bhféadfaidh sí a ordú go ndéanfar aistriúchán comhuaineach ó theanga amháin go dtí an teanga eile a chur ar fáil. Chomh maith leis sin, i gcás inar páirtí in imeachtaí sibhialta comhlacht Stáit nó comhlacht poiblí, déanfaidh an Stát nó an comhlacht poiblí an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a húsáid. Is gá athchóiriú ar an dlí a bhreithniú i bhfianaise na gceanglas bunreachtúil agus reachtúil sin. Is fearr a thabharfaidh an Bille seo aghaidh ar na ceanglais sin ná na socruithe reachtúla reatha.

Ba mhaith liom an deis a thapú chun beartas an Rialtais i dtaca leis an dátheangachas a leagan amach. D'fhoilsigh an Rialtas a ráiteas i leith na Gaeilge i mí na Nollag 2006. Déantar socrú leis an ráiteas maidir le straitéis 20 bliain don Ghaeilge a fhorbairt, bunaithe ar na cuspóirí atá leagtha amach sa ráiteas. Tá sé i gceist go mbeidh an ráiteas beartais ón Rialtas ina bhunsraith le haghaidh gníomhaíochta praiticiúla chun tacú leis an nGaeilge agus chun í a chur chun cinn, bunaithe ar chur chuige nua-aimseartha agus ar straitéis chomhtháite. Is é beartas an Rialtais feasacht agus úsáid na Gaeilge mar theanga phobail a mhéadú ar bhonn céimnithe. Is í a shain-aidhm ná a chinntiú go mbeidh a oiread dár saoránaigh agus is féidir dátheangach, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Níl ar intinn againn leis seo ionad an Bhéarla a ghlacadh, ach an Ghaeilge a neartú. Is gnáth-rud é i go leor tíortha Eorpacha go mbíonn daoine dátheangach. Fís dá samhail atá san fhís d'Éirinn, leis an mBéarla agus an Ghaeilge araon á n-úsáid go forleathan, ar bhonn laethúil, ar fud na tíre. Tá sain-chomhairleoirí ceaptha ag mo Roinn chun comhairle a thabhairt i leith na straitéise. Tá sraith cruinnithe poiblí á reáchtáil aici faoi láthair in ionaid éagsúla ar fud an Stáit chun deis a thabhairt do dhaoine leasmhara den phobal i gcoitinne ionchur a bheith acu in ullmhú na straitéise 20 bliain. Meastar go mbeidh an straitéis curtha i gcrích faoi Nollaig 2008.

Is eol don Teach go ndearnadh teanga oibre agus oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh den Ghaeilge ar an gcéad lá d'Eanáir 2007. Ceanglaítear le nósanna imeachta an Aontais Eorpaigh go bhfíorófaí téacs tograí reachtacha sna teangacha oifigiúla go léir, lena n-áirítear an Ghaeilge, sula féidir leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa an reachtaíocht a ghlacadh. Tá comh-údarás ag reachtaíocht ón Aontas Eorpach sna teangacha oifigiúla go léir de chuid an Chomhphobail. I gcás gan na téacsanna a bheith de réir a chéile, ní neamh-ghnách comparáid a dhéanamh idir na téacsanna, go háirithe in imeachtaí Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa. Tá áthas orm a thuairisciú go ndearna Óstaí an Rí, le tacaíocht ó mo Roinn, cúrsa oiliúna spriocdhírithe a fhorbairt, atá ceaptha chun a chur ar chumas rannpháirtithe bheith ina ndlí-theangeolaithe sa Ghaeilge. Reáchtáladh an cúrsa 16 seachtaine seo den chéad uair i 2007, agus tairgeadh poist sa Bhruiséil do roinnt de na daoine a ghlac páirt ann agus ar éirigh leo. Tá an cúrsa seo le bheith ann arís níos déanaí i mbliana. Tuigtear dom, freisin, go bhfuil Óstaí an Rí — arís, le tacaíocht ó mo Roinn — ag obair ar chúrsa abhcóide dlí a mhúinfear go hiomlán trí Ghaeilge a fhorbairt.

Tá príomh-fhorálacha an Bhille in ailt 1 agus 2. Baineann alt 1 le forálacha i gcomhair abhcóidí dlí. Foráiltear leis an talt go dtabharfaidh comhairle Óstaí an Rí aird ar stádas na Gaeilge mar phríomh-theanga oifigiúil an Stáit, agus go ndéanfaidh sí gach beart réasúnach chun a chinntiú go mbeidh líon dóthanach abhcóidí dlí inniúil sa Ghaeilge ionas go mbeidh siad ábalta an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla. Tá sé sin in alt 1(2). Tá sé tábhachtach go mbeadh sain-chúrsaí sa Ghaeilge ar fáil do gach gairmí dlí, cuma an mian nó nach mian leis nó léi an dlí a chleachtadh tríd an teanga. Ar an ábhar sin, foráiltear le halt 1(3) go gcuirfidh Óstaí an Rí cúrsa teagaisc ar théarmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge agus ar thuiscint téacsanna dlíthiúla sa Ghaeilge ar fáil do gach duine a bheidh ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí. Tá an cúrsa ceaptha a chur ar chumas cleachtóirí cineál na seirbhíse dlíthiúla a bheidh ag teastáil a shainaithint agus, más cuí, tarchur chuig cleachtóir a bheidh inniúil ar sheirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge a éascú. Ní bheidh an cúrsa faoi réir scrúdaithe. Leasaíodh alt 1(3)(a) den Bhille sa Dáil chun soiléireacht a sholáthar ar an bpointe sin.

Foráiltear le halt 1(4) go soláthróidh comhairle Óstaí an Rí ard-chúrsa ar chleachtadh an dlí trí Ghaeilge mar ábhar roghnach sa chúrsa abhcóide dlí. Cuirfidh sé seo ard-oiliúint sa Ghaeilge ar fáil do na daoine ar mhian leo an dlí a chleachtadh trí mheán na Gaeilge. Beidh an t-ard-chúrsa ar oscailt do dhaoine eile, nach mic léinn iad, ach ar mhian leo inniúlacht a bhaint amach a chuirfidh ar a gcumas an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge — alt 1(5). Tá sé den riachtanas a chinntiú go mbeadh leibhéal réasúnach cumais agus inniúlachta sa Ghaeilge ag daoine a bheidh ag déanamh iarratais chun fáil isteach ar an ard-chúrsa sa Ghaeilge, sula ndéanann siad an cúrsa. Ar an ábhar sin, foráiltear le halt 1(6) go bhféadfaidh sé go gceanglófar ar na daoine sin a léiriú d'Óstaí an Rí go bhfuil leibhéal ginearálta cumais agus inniúlachta acu sa Ghaeilge cheana féin. Ár ndóigh, caithfidh meicníocht éigin a bheith ann trínar féidir cumas daoine a mbeidh an t-ard-chúrsa sa Ghaeilge curtha i gcrích acu a thomhas. Chuige sin, foráiltear le halt 1(7) go gcuirfidh Óstaí an Rí scrúdú ar siúl i gcleachtadh an dlí trí Ghaeilge uair sa bhliain ar a laghad.

Ní cheadófar ach do na daoine sin a mbeidh an t-ard-chúrsa déanta acu an scrúdú a dhéanamh — alt 1(8). Tá sé tábhachtach go gcuirfear in iúl don phobal go bhfuil ar chumas cleachtóirí dlí áirithe seirbhísí dlíthiúla a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mar sin, foráiltear le halt 1(9) go ndéanfaidh Óstaí an Rí clár, ar a dtabharfar "clár na Gaeilge (Óstaí an Rí)", a bhunú agus a chothabháil. Foráiltear le halt 1(10) go ndéanfaidh Comhairle Óstaí an Rí ainm agus sonraí teagmhála abhcóidí dlí a bheidh éirithe leo sa scrúdú a thaifeadadh sa chlár. Foráiltear le halt 1(11) go gcaithfear an clár a choimeád cothrom le dáta agus go gcaithfear cóip den chlár a chur ar fáil don dlí-chumann. De réir alt 1(12), ní mór an clár a bheith ar oscailt don phobal freisin agus a bheith foilsithe ar láithreán gréasáin Óstaí an Rí. De thoradh na bhforálacha seo, craobh-scaoilfear ábhar an chláir agus tuigfear é a bheith ann chomh forleathan agus is féidir. Ar deireadh, foráiltear le halt 1(13) go ndéanfar tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí — tá an ainm sin uafásach fada — ar bhonn bliantúil i dtaca le hoibriú an ailt sa bhliain roimhe sin. Tá sé tábhachtach go gcoimeádfaí an tOireachtas ar an eolas maidir le hoibriú na socruithe nua. Tar éis Chéim na Tuarascála sa Dáil, leasaíodh alt 1(13)(c) den Bhille chun socrú a dhéanamh maidir leis an tuarascáil bhliantúil a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

Baineann alt 2 den Bhille le hinniúlacht Ghaeilge d'aturnaetha. Déantar fo-alt nua — alt 40(2A) — a chur isteach in alt 40 den Acht Aturnaethe 1954. Ceann de chuspóirí an Bhille ná an chomh-sheasmhacht a choinneáil sna ceanglais reachtúla maidir le hinniúlacht sa Ghaeilge don dhá ghéag de ghairm an dlí, ionas go mbeidh na forálacha a bhaineann le haturnaetha ar aon dul, tríd is tríd, leis na forálacha a bhaineann le habhcóidí. Go bunúsach, déanann alt 2 na forálacha atá in alt 1 a scáthánú. Foráiltear le halt 2 go dtabharfaidh an dlí-chumann aird ar stádas na Gaeilge mar phríomh-theanga oifigiúil an Stáit agus go ndéanfaidh sé gach beart réasúnach chun a chinntiú go mbeidh líon dóthanach aturnaetha in ann an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge. Ina theannta sin, cuirfidh an dlí-chumann cúrsa ar siúl ar théarmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge chun a chur ar chumas cleachtóirí cineál na seirbhíse a bheidh á lorg a shainaithint agus, más cuí, tarchur chuig cleachtóir a bheidh inniúil ar sheirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge a éascú.

Maidir le daoine a bheidh ag gabháil do chúrsa cleachtais ghairmiúil an dlí-chumainn agus a bheidh, ar dháta thosach feidhme an ailt, éirithe leo sa dá scrúdú sa Ghaeilge, dá bhforáiltear le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 40(3) den Acht Aturnaethe 1954, measfar go mbeidh siad tar éis freastal ar an gcúrsa ar an téarmaíocht dhlíthiúil. Ar aon dul leis na forálacha a bhaineann le habhcóidí, i gcomhair na n-aturnaetha sin faoi oiliúint ar mhian leo cleachtadh trí Ghaeilge, foráiltear leis an talt go gcinnteoidh an dlí-chumann go n-áireofar ard-chúrsa ar chleachtadh an dlí trí Ghaeilge mar ábhar roghnach i gcomhair daoine a bheidh ag gabháil don chúrsa cleachtais ghairmiúil. Beidh an t-ard-chúrsa seo ar oscailt do dhaoine eile nach mic léinn iad ach ar mhian leo inniúlacht a bhaint amach, a chuirfidh ar a gcumas an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge. Féadfaidh sé go gceanglófar ar dhaoine a bheidh ag déanamh iarratais chun fáil isteach ar an ard-chúrsa sa Ghaeilge a léiriú don chumann go bhfuil leibhéal cumais agus inniúlachta acu sa Ghaeilge cheana féin.

Foráiltear go gcuirfidh an dlí-chumann scrúdú ar siúl i gcleachtadh an dlí trí Ghaeilge uair sa bhliain ar a laghad, ach nach gceadófar ach do na daoine sin a mbeidh an t-ard-chúrsa déanta acu an scrúdú a dhéanamh. Déanfaidh an dlí-chumann clár, ar a dtabharfar "clár na Gaeilge (an dlí-chumann)", a bhunú agus a chothabháil freisin. Déanfaidh an cumann ainm agus sonraí teagmhála aturnaetha a bheidh éirithe leo sa scrúdú a thaifeadadh sa chlár. Cinnteoidh an cumann go ndéanfar an clár a choimeád cothrom le dáta, agus go gcuirfear cóip den chlár ar fáil d'Óstaí an Rí. Ní mór don chlár a bheith ar oscailt don phobal freisin agus a bheith foilsithe ar láithreán gréasáin an dlí-chumann. Déanfar tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ar bhonn bliantúil, i dtaca le hoibriú an ailt sa bhliain roimhe sin. Leagfar an tuarascáil sin faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais. Déantar an fhoráil atá in alt 40(3) den Acht Aturnaethe 1954 faoi láthair a scriosadh.

Leasaítear alt 43(4) den Acht Aturnaethe 1954 le halt 3, ionas nach mbeidh ar abhcóide cleachtach, atá ag iarraidh trasnú chun cleachtadh mar aturnae, cúrsa teagaisc an dlí-chumainn ar théarmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge a dhéanamh, toisc cúrsa dá shamhail a bheith curtha i gcrích aige nó aici roimhe sin, le linn dó nó di bheith ag freastal ar chúrsa céime abhcóide dlí Óstaí an Rí. Tá gá leis an bhforáil seo toisc an cúrsa sa téarmaíocht dhlíthiúil a bheith éigeantach do na daoine go léir a bheidh ag iarraidh go ligfear dóibh cleachtadh mar aturnaetha.

Foráiltear le halt 4 den Bhille go n-aisghairtear an tAcht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929. Tar éis leasuithe sa Dáil, déantar socrú leis, maidir le hais-ghairm alt 40(6) den Acht Aturnaethe 1954, lena bhforáiltear nach mór don Aire Oideachais agus Eolaíochta ceapachán scrúdaitheora sa Ghaeilge ag an dlí-chumann a cheadú. Ceanglaítear ar an dlí-chumann agus ar Óstaí an Rí araon, le halt 2A(2)(m) agus le halt 1(13) den Bhille, faoi sheach, tuarascáil a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ar oibriú na socruithe nua. Sa chomhthéacs seo, ní gá a thuilleadh go mbeadh aon ról ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta i gceapadh scrúdaitheoirí de chuid an dlí-chumainn sa Ghaeilge.

Déantar socrú le halt 4 maidir le hais-ghairm Alt 43(2) den Acht Aturnaethe 1954, arna ionadú le halt 51 den Acht Aturnaetha (Leasú), 1994. Áiríodh alt 43(2) in Acht 1994 chun cúrsaí printíseachta agus oideachais a rialáil, go dtí go ndéanfadh an dlí-chumann rialacháin mhionsonraithe. Meastar le halt 43(8) d'Acht 1994 go n-aisghairtear alt 43(2) le teacht i ngníomh do na rialacháin sin. Tá ábhairín éiginnteachta ann faoi seo, de dheasca fhorléiriú neamhghnách na bhforálacha sin. Mar sin, ar mhaithe leis an gcinnteacht, soiléirítear le halt 4(c) den Bhille go n-aisghairtear alt 43(2). Is foráil chaighdeánach atá in alt 5, lena ndéileáiltear le gearrtheideal an Bhille, le forálacha maidir le tosach feidhme, agus leis an gcomhlua.

Tá an Rialtas agus an tAire, an Teachta Dermot Ahern, ar aon intinn gur féidir na socruithe reachtúla atá ann faoi láthair a fheabhsú chun freastail ar an gcuspóir, deimhin a dhéanamh de gur féidir le daoine ar mhian leo a gceart bunreachtúil chun Gaeilge a húsáid in imeachtaí os comhair na gcúirteanna, déanamh amhlaidh. Déanfaidh na forálacha atá sa Bhille cúrsaí a fheabhsú, trí chur leis an oiliúint sa Ghaeilge d'abhcóidí agus d'aturnaetha araon agus gur cheart go gcinnteoidís inniúlacht sa Ghaeilge do líon níos mó gairmithe dlí ná mar a sholáthraítear leis na socruithe reachtúla atá ann faoi láthair. Thar ceann an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, molaim an Bille don Teach. Tá súil agam go bhfuil na Seanadóirí in ann cuimhne ar na hailt go léir a luaigh mé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.