Seanad debates
Thursday, 1 May 2008
Irish Language
3:00 pm
Pearse Doherty (Sinn Fein)
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Molaim don Aire Oideachais agus Eolaíochta tarraingt siar ón gciorclán 0044/2007 a d'eisigh sí le déanaí. Cuireann an ciorclán deireadh leis an gcleachtadh atá ag dul ar aghaidh i ngaelscoileanna ar fud an Stáit, scoileanna ina bhfuil luath-tumoideachais iomlán á chleachtadh acu. De réir an chiorcláin, beidh ar ghaelscoileanna dhá uair a' chloig go leith, ar a laghad, de cheachtanna Béarla a mhúineadh do naíonáin bheaga agus mhóra. Níl an cleachtadh sin á leanúint ag cuid mhór de na gaelscoileanna faoi láthair. Tá ag éirí go maith leo leis an luath-tumoideachais i láthair na huaire. Rachaidh mé isteach san ábhar sin níos mine i gceann nóimead.
Caithfidh an tAire Stáit a adhmháil gur rogha na dtuismitheoirí atá ann sa chéad dul síos a gcuid páistí a chur go dtí gaelscoil, taobh amuigh d'iad a chur go dtí gnáth-scoil ina bhfuil Béarla á mhúineadh an t-am ar fad. Ba chóir go mbeadh na gaelscoileanna in ann cinneadh a dhéanamh an luath-tumoideachais a chleachtadh, nó gan é a chleachtadh. De réir na Roinne, tá an cleachtadh seo ag feidhmiú mar mhíbhuntáiste ag páistí nach bhfuil ag déanamh chomh maith le páistí eile ó thaobh léamh an Bhéarla de. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor, áfach. Má fhéachfaimid ar staidéar ar bith atá déanta — sa Bhreatain Bhig, i dtír na mBascach, i gCeanada nó in áit ar bith eile — beidh sé soiléir dúinn go bhfuil ag éirí go maith ní hamháin leis an mion-teanga — an Ghaeilge, sa chás seo — ach leis an teanga is mó — an Béarla, sa chás seo -freisin. Éiríonn go maith leis an dá theanga. Cleachtaíonn gaelscoileanna an luath-tumoideachais os rud é go dtagann mórchuid de na páistí a fhreastalaíonn ar na scoileanna sin as teaghlaigh ina n-úsáidtear an Béarla gach lá agus i ngach gné de shaol na clainne. Tagann cuid acu as teaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-theanga. Is é an Béarla a chloistear ar na busanna scoile, sa chlós, sna siopaí agus sna amharclanna. Tá an luath-tumoideachais á chleachtadh ag na gaelscoileanna atá ag iarraidh déileála leis an bpróiseas sin. Tá sé tábhachtach gurb í an Ghaeilge amháin atá thart ar na scoláirí sna blianta luath dá gcuid oideachais. Tá an cleachtadh sin ag dul ar aghaidh sa Stát seo le caoga bliain anuas.
Tá sé soiléir nach bhfuil an méid atá le rá ag an Roinn agus an tAire mar gheall ar na fadhbanna a bhíonn ag páistí ó thaobh léamh an Bhéarla de, agus réiteach na faidhbe sa todhchaí má thagann an cleachtadh seo i bhfeidhm, fíor. Níl staidéar ar bith sa domhan a thacaíonn leis an méid atá le rá ag an Aire agus an Roinn. Leoga, is ar an dtaobh eile ata an scéal. Cruthaíonn gach staidéar atá déanta ar an tumoideachais ní hamháin go ndéanann sé sochar don mion-teanga ach go gcuireann sé leis an mór-theanga chomh maith. Léiríonn staidéar a rinneadh ar na mallaibh ar 3,200 páiste gaelscoile, ag deireadh rang a dó agus rang a cúig den bhliain acadúil is déanaí, cé chomh maith is atá ag éirí le páistí ó thaobh léamh an Bhéarla de. Fuair an staidéar sin amach gur bhain 43% de pháistí, a chaith ar a laghad blian iomlán sa chóras luath-tumoideachais na gaelscoile, amach caighdéan áirithe nach bhfuair ach 33% de pháistí ar bhonn náisiúnta.
I ask that the circular issued by the Department of Education and Science be rescinded. The Gaelscoileanna and the Irish language community ask that it be rescinded because it does not make sense that the practice of early language immersion would be ended by this Minister and this Department. Every international study shows that the practice of early language immersion benefits the minority language but also the majority language, which is English in this case. The results attained in reading levels in English in gaelscoileanna indicated 43% of the children were at the same level as 33% of the children in the normal — for want of a better word — English-speaking schools. This shows that not only does tumoideachas support the Irish language but it also supports reading and the English language.
I ask that the Minister withdraw this circular and carry out further research. This issue must be based on research because the Minister has gone against the advice of the National Council for Curriculum and Assessment and An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoilaíochta.
I bring it to her attention that the practice of lán tumoideachas, or Irish language immersion, exists within the Six Counties. It will continue to exist into the future in an area where there is a demand for rights to the Irish language. They have no protection of rights for the Irish language and yet Irish language immersion exists in the Six Counties. In this State, where the language is protected by the Constitution, we seem to want to end that process, which has been invaluable to Irish language students throughout decades.
No comments