Seanad debates
Wednesday, 30 April 2008
Order of Business.
2:30 pm
Joe O'Toole (Independent)
Fáilte go mór roimhis an cine ata déanta ag an Rialtais mar gheall ar ainm mo shean bhaile fhéin, Dingle-Daingean Uí Chúis. Mar a dúras go minic roimhe seo bhí trí ainmneacha i gcónaí ar an áit sin agus beidh trí animneacha i gcónaí ann. Mar chríoch don scéal, níl aon ró-athrú déanta, ach fáiltím go bhfuil sé déanta. Níos mó agus níos tábhachtaí ná sin ná go ndúirt an tAire go bhfuil sé chun reachtaíocht a chur chun cinn a dhéanfadh cinnte de go mbeadh aon sórt pobalbhreith nó plebiscite i measc muintir na háite níos tábhachtaí ná aon sórt ordú a dhéanfar faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. This idea of giving rights back to people at a local level is important, especially in the sense that any plebiscite taken under local government legislation will always overrule any decision taken under the Acht teanga. I look forward to the legislation which will do that.
That is behind us, however. Níos tábhachtaí ná sin ná gur mhaith liom cuireadh a thabhairt don Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta teacht isteach go dtí an Seanad chun dul chun cinn sna Gaeltachtaí a phlé. Bheadh orainn féachaint cén dul chun cinn tionsclaíochta agus fostáiochta atá déanta, an tionchar atá ag na cutbacks atá ag tarlú i gcúrsaí feirmeoireachta, na deacrachtaí ó thaobh tionscail na hiascaireachta, agus an tionchar atá acu siúd ar fad ar mhuintir na Gaeltachtaí. Ba bhreá agus ba mhaith an rud é go mbeadh díospóireacht againn ar an méid sin agus ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh an teanga agus polasaithe teanga.
Cuireas ceist ar an tSeanadóir Ó Casaide cúpla seachtain ó shin an mbeadh díospóireacht againn ar an tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga. These are serious issues in which the Government has a significant interest and investment. We should have a great debate on it. More than anything else, ba mhaith liom ó thaobh Chorca Dhuibhne féin de go ndéanfadh an tAire gach iarracht le déanamh cinnte de nach mbeadh aon deighilt i measc muintir na leithinse sin mar gheall ar an tranglam ar fad faoi ainm na háite agus má bhíonn, go gcuirfeadh sé droichead thar an deighilt sin.
No comments