Seanad debates

Tuesday, 8 April 2008

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá an méid a bhfuil ráite ag an tSeanadóir i dtaobh an seirbhís radaiteiripe nótáilte agus bí cinnte go luafar é leis an tAire. Mar a dúirt mé, tá sé ráite go soiléir go gcaithfidh na lárionaid oiread áirithe othair a bheith acu ó thaobh cúrsaí fáithmheasta agus dul faoi scian. Má thugann sé toradh níos fearr go mbeidh lárionad mór seachas lárionaid bheaga mar a bhí, creidim go m'bhfearr le daoine dul chuig an lárionad mór, mar tugann sin seans níos fearr ina dhiaidh. Sin bunús na straitéise, go mór mór ó thaobh obráidí. Níl aithne agam ar éinne nach dtiocfadh píosa níos faide dá gceapfaidís go mbeadh seans níos fearr acu. Is é an tuairim idirnáisiúnta ná go gcaithfimid lárionad de shaghas áirithe a bheith againn le go mbeidh an comhthéacs criticiúl leis na seirbhísí a chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.