Seanad debates

Tuesday, 8 April 2008

Calafoirt agus Céanna

 

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire, an Teachta Ó Cuív, go dtí an Teach chun freagra a thabhairt dom ar an tábhar seo, a d'ardaigh mé ar dtús sa Teach ar 11 Nollaig 2007. Ó shin ar aghaidh, bhí coiste forbartha Inis Bó Finne, iascairí na hoileáin — go háirithe — agus lucht cónaithe na hoileáin i dteagmháil liom roinnt uaireanta maidir leis an fhorbairt atá beartaithe a dhéanamh ar an ché atá ar an oileán. An fhorbairt atá i gceist ná síneadh a chur le cé Inis Bó Finne agus obair dheisiúcháin iompar amach a dhéanamh ar an gcé freisin. Tá géarghá leis an obair sin os rud é go bhfuil pobal an oileáin ag brath ar an gcé nuair atá siad ag dul isteach agus amach ón oileán. Tá na hiascairí a úsáideann cé oileán Inis Bó Finne ag brath ar an gcé. Tá sé tábhachtach do chursaí turasóireachta ar an oileán. Baineann an ché leis an tseirbhís farantóireachta a théann ón oileán go dtí an mórthír, srl. Tá an cé an-dainséireach faoi láthair. Tá sé ag titim as a chéile. Rinneadh cuid mhaith damáiste don ché le linn an gheimhreadh, go háirithe sa chéad cúpla mí don bhliain, de bharr an droch-aimsir a bhí againn. Chuir an aimsir isteach go mór ar an gcé.

Agus muid ag plé cúrsaí oileánda inniu, ba mhaith liom buíochas a chur in iúl don Aire as ucht an commitment atá tugtha aige do fhorbairt na hoileáin, go háirithe oileáin Chontae Dhún na nGall, ó tháinig sé isteach mar Aire Stáit i 1997. Tá airgead substaintiúil caite ag an Rialtas ar na hoileáin — oileán Inis Bó Finne ina measc. Cuirim béim arís ar an ghéarghá a bhaineann le forbairt na gcé seo. Dúirt an tAire i mí na Nollag seo caite go bhfuil iarratas faighte ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Dúirt sé go bhfuil Comhairle Chontae Dhún na nGall ag lorg 75% den airgead atá ag teastáil chun forbartha a dhéanamh ar an gcé. De réir na meastacháin atá faighte ag an chomhairle chontae, chosnóidh an obair seo €481,000. Tá an chomhairle chontae sásta 25% — thart ar €125,000 — den chostas sin a chur ar fáil. Tá sé sin ceadaithe agus aontaithe ag an chomhairle chontae. Níl á lorg againn anois ach cead ón Aire an airgead a chaitheamh am éigin i mbliana.

Tuigim go bhfuil brú ar an Roinn ó gach oileán agus gach ceantar, ach ba mhaith liom a chur in iúl don Aire go díreach go bhfuil an cé seo i ndrochstaid. Tá géarghá ann deisiúcháin a dhéanamh air. Ba cheart an obair sin a dhéanamh i mbliana, más féidir. Más rud é go gceadófar an tairgead seo lastigh de sé nó ocht seachtaine, is féidir leis na húdaráis dul ar aghaidh leis an obair le linn an tsamhraidh. Beidh an chomhairle chontae agus an rannóg mara in ann an obair a riaradh agus a iompar amach le linn an aimsir mhaith. Tá a fhios agam go nglacfaidh an tAire leis an ghá a bhaineann leis an obair seo, go háirithe i gcomhthéacs an obair atá déanta ag cathaoirleach coiste oileán Inis Bó Finne — an tAthair Brian Ó Fearraigh — chun a impí orainn uilig brú a chur ar an Roinn agus labhairt leis an Aire maidir leis an cheist seo. Is é sin an fáth go bhfuilim ag iarraidh an ábhar seo a ardú inniu. Tá lúcháir orm go bhfuil an tAire anseo inniu. Ciallaíonn an chaoi ina bhfuil sé i láthair go bhfuil commitment againn uaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.