Seanad debates
Tuesday, 11 March 2008
Order of Business
3:00 pm
Jerry Buttimer (Fine Gael)
Ar an ábhar úsáid na Gaeilge, bhí an t-ádh orm a bheith ag an gcluiche rugbaí an tSathairn seo chaite. Bhí díomá orm, ní amháin gur chailleamar an cluiche ach toisc chomh maith go rabhamar i lár seachtain na Gaeilge agus i bPáirc an Chrócaigh agus ní raibh focal Gaeilge ar an dticéad ná ar an gclár imeachtaí ach amháin fógra ó Foras na Gaeilge. Dá mbéadh cluiche céanna ar siúl sa Bhreatain Beag, táim lán-chinnte go mbeadh neart Breatanais le feiceáil agus le cloisteáil. Cosúil leis an Seanadóir Ó Murchú agus an Seanadóir Ó Dochartaigh, tá dualgas orainn an Ghaeilge a thabhairt amach ón rang scoile agus í a shníomh i saol an tír.
Like Senator Ó Murchú I seek a debate on the use of the Irish language. Last Saturday I was very disappointed that the IRFU did not have Irish on the tickets or in the match programme. I accept——
No comments