Seanad debates

Tuesday, 11 March 2008

3:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

Ba mhaith liom cur leis an méid a dúirt an Seanadóir Ó Murchú mar gheall ar úsáid na Gaeilge sa Seanad. Tá dian-imní ar dhaoine nach gheobhaidh siad an bolscaireacht sna meáin-cumarsáide atá tuillte acu má labhraíonn siad an Ghaeilge. D'iarr mé ar Cheannaire an tSeanaid díospóireacht a eagrú le linn seachtain na Gaeilge, nó coicís na Gaeilge mar atá againn anois. Tá a fhios agam nach mbeidh an díospóireacht sin againn an seachtain seo, ach tá deis ag an Cheannaire é sin a chuir i gceart an seachtain seo chugainn. Tá go leor ábhair le phlé. Ba mhaith liom labhairt ar chúrsaí Gaeltachta, go háirithe an staidéir teangeolaíochta atá déanta ar úsáid na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Léiríonn an staidéir sin go soiléir nach mbeidh an Ghaeltacht ann i gceann 15 nó 20 bliain muna n-athraíonn polasaithe an Rialtais intinn agus meon na ndaoine.

Rinneadh plé ar filíocht Cathal Ó Searcaigh tamall ó shin. Ní fhaca mé an scannán mar gheall ar an bhfile go fóill, agus ní bheidh deis agam é a fheiceáil anocht os rud é go mbeidh mé ag déanamh rudaí eile. Chuir sé isteach orm nuair a thosaigh polaiteoirí agus páirtithe polaitiúla ag iarraidh go gcuirfimid in aghaidh filíocht Cathal Ó Searcaigh. Sílim gur rud amháin ar leith í an filíocht, agus an ealaíon i gcoitinne. Tá daoine ag rá gur chóir don comhairle chontae teach Cathal Ó Searcaigh a fháil ar ais. Caithfimid a admháil go bhfuil cearta ag Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar litríocht uilig Cathal Ó Searcaigh. Tá an chomhairle ag tabhairt cáin saor in aisce i gcomaoin ar sin. Níl mé ag rá go bhfuil na rudaí atá ráite sna meáin-cumarsáide faoin chlár a chraolfaí anocht ceart nó bréagach. Caithfimid an cheist seo a scoiltiú. Má tá duine ábalta filíocht nó ealaíon a chruthú, ní cheart go gcuirfimid ár gcúl ar sin.

As we approach Easter Sunday many people will again start to read the Irish proclamation proclaimed on the steps of the GPO in 1916. For me, obviously, all the sentences in that proclamation are relevant today in a different way in a modern Ireland, but one of them that always jumps out for many people is the need to cherish all of the children equally. I say that in the context of the decision by the Minister for Education and Science, Deputy Mary Hanafin, to renege on the commitment she gave the children of this State to cut class sizes——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.