Seanad debates
Tuesday, 11 March 2008
Order of Business
2:30 pm
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Tá sé soiléir le blianta anuas go bhfuil stádas faoi leith bainte amach ag an Gaeilge agus tá an grá agus an dea-thoil di le tabhairt faoi deara go forleathan ar fud na tíre. Chomh maith le sin, tá stádas oifigúil bainte amach ag an Gaeilge san Eoraip, tá reachtaíocht nua i bhfeidm anseo le cinntiú go mbeidh cothromaíocht ag an Ghaeilge agus tá na Gaelscoileanna, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus colún an-bhreá san The Irish Times i nGaeilge againn. Tá sé an-soileír sa Teach seo go bhfuil grá ann don Gaeilge agus labhrann roinnt mhaith de Sheanadóirí agus Teachtaí Gaeilge freisin.
Bíonn na meáin cumarsáide ag cáineadh ó am go ham nach bhfuil níos mó Gaeilge le cloisint sna Títhe. Chuala mé cúis do sin le déanaí. Má labhrann Teachta nó Seanadóir i nGaeilge i dtaobh ábhar an-bhunúsach, is cinnte nach mbeidh aon phoiblíocht le fáil dó sin. Ba bhreá liomsa cuireadh a thabhairt don Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Éamon Ó Cuív, teacht isteach agus labhairt faoi chonas is féidir linn an timpeallacht agus an stádas seo a cheartú agus rud éigin a dhéanamh chun stádas a bhaint amach sna meáin cumarsáide don Ghaeilge. Táimid an-sásta leis an dul chun cinn atá déanta.
Goodwill for the language is visible everywhere. The groups I have mentioned do great work and I speak Irish to at least 25 or 30 Senators here every day, likewise to Deputies. It is a great pity that if one speaks on a serious issue in Irish the media is almost certain to ignore one. That is a pity. We have done much good work with the new legislation and the status of Irish in Europe. Good work is being done in the schools, but the breakthrough must now be achieved in the recognition of Irish when people use it in the Houses of the Oireachtas. This would ensure an opportunity for publicity when statements are made through Irish, whether in the Seanad or the Dáil.
No comments