Seanad debates

Tuesday, 11 December 2007

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil faoi mo dheireanaí. Cheap mé go raibh an díospóireacht seo le tosnú ag a seacht a chlog. Cé gur chuir an Seanadóir an cheist síos i mBéarla, tuigim go mb'fhearr leis, mar ball den Údaráis, freagra a fháil uaim i nGaeilge. Mar sin, tabharfaidh mé an fhreagra i nGaeilge. Tá sé mar nós agam go hiondúil ceisteanna a cuirtear síos i mBéarla a fhreagairt i mBéarla agus ceisteanna a cuirtear i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge. Déanfaidh mé eisceacht sa gcás seo mar tá mé cinnte go mb'fhearr leis an Seanadóir go bhfreagróidh mé i nGaeilge é.

Ba mhaith liom a shoiléiriú go bhfuil níos mó ná €6 milliún infheistithe ag rannóg na n-oileán mo Roinne sna hoileáin i dTír Chonail ó 2002. Baineann ionann agus 68%, no €4.2 milliún, de seo le oibrithe capitil, agus is bun-struchtúir é sin. Mar shampla, tá obair áirithe déanta ar cé Machaire Rabhartaigh agus ar Céibh Reannaigh ar Árainn Mhór. Roimhe sin, rinneamar obair ar ché an Leadhb Gharbh. Baineann an chuid eile den obair le rochtain agus bóithre, oibrithe beaga mara, caomhnú an chósta, athnuachan baile agus obair comhshaoil. Baineann cuid eile den chiste leis na báid farantóireachta atá ag freastal ar na hoileáin.

Ar ndóigh, tá seirbhísí i bhfad níos fearr ag dul go Oileán Thoraí agus Árainn Mhór ná mar a bhí roimhe seo. Tá seirbhísí héileacaptar ar fáil ar Oileán Thoraí freisin. Is fiú a luadh go dtarraingíonn na hoileáin an t-uafás airgid eile ó mo Roinn faoi scéimeanna ar nós CLÁR, na scéimeanna Gaeltachta, deontas tithíochta, Leader agus an local development and social inclusion programme. Mar sin, tá cuid mhaith airgid infheistithe ag mo Roinn go díreach sna hoileáin. Tá airgead á chuir isteach ag Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall freisin.

Tá an chaoi ina roghnaítear na tograí atá le déanamh bunaithe ar an méid airgid atá ar fáil ag an Roinn. Tá i bhfad níos mó airgead ná riamh ar fáil ag an Roinn. Tugtar tosaíocht de réir na bun-chritéir, mar shampla an phráinn a bhaineann le oibreacha, cé mhéid duine atá ina cónaí ar an oileán, luach airgid, an fiontar — na rudaí ar fad a bhaineann le cinneadh a dhéanamh mar Aire. Ar ndóigh, ní féidir liom níos mó tograí a cheadú ná mar atá de mhaoiniú agam — caithfimid é sin a coinneáil le n-intinn. Tá go leor tograí móra idir láimhe againn i láthair na huaire.

Maidir le cé Inis Bó Finne, fuair mé iarratas i mí Lúnasa na bliana seo ag iarraidh 75% den airgead atá á teastáil le feabhas a chuir ar an gcé. Tá an t-iarratas á scrúdú i láthair na huaire i gcomhthéacs an méid airgid atá ar fáil ag an Roinn agus na tosaíochtaí a luaigh mé. Ar ndóigh, déanfar an chás a mheas sa gcomhthéacs sin.

Maidir le Oileán Thoraí, ba mhaith liom a shoiléiriú go gcaitheadh €931,987 chun cosaint na tithe agus an cloigtheach, atá mar séadchomhartha náisiunta ón 6ú aois, a chosaint ó creimeadh cósta. Bhí sé sin tábhachtach. Ar ndóigh, bhí infheistíocht áitiúil i gceist freisin ón gcomhairle contae. Idir 2001 and 2003, caitheadh os cionn €1 milliún chun creimeadh cósta ar Oileán Thoraí a stopadh. I 2005, cheadaigh an Roinn deontas eile de €32,500 chun an obair sin a chríochnú. Tuigtear dom go bhfuil dhá chéim eile den obair seo — sineadh 30 m leis an mballa atá ann i láthair na huaire agus an balla a ardú chun tonnta a chuir siar ar ais isteach sa bhfarraige, seachas go mbriseadh siad ar thalamh tirim. Pléadh é seo ag cruinnithe idir oifigigh na Roinne agus Comhairle Contae Dhún na nGall i 2007.

Tá polasaí láidir agam maidir le hoibreacha den shórt seo. Faighim go leor iarratais gach bliain, ó pobail ar na hoileáin agus ar an mórthír, le haghaidh airgead chun creimeadh cósta a sheachaint. Tá sé mar pholasaí ag an Roinn gan airgead creimeadh cósta a cheadú sa gcás nach bhfuil tithe, bóithre nó saoráidí poiblí do chosaint. Ní tugaimid airgead creimeadh cósta muna bhfuil ach talamh feirme, mar shampla, le chosaint. Má ndéanfaimid a leithéid, ní bheadh deireadh go deo leis an méid airgead a d'fhéadfaimid a chaitheamh.

Mar a dúirt mé mar fhreagra ar cheist parlaiminte ar 24 Deireadh Fomhair seo caite, ní raibh an obair seo clúdaithe, nó san áireamh, sa liosta a thug Chomhairle Contae Dhún na nGall ar aghaidh le haghaidh na mionoibrithe i mbliana, ar na cúiseanna atá díreach mínithe agam. Bhí plé idir oifigigh na Roinne agus an gcomhairle chontae le gairid. Tuigtear dom go bhfaigheadh phríomh-iarratas ón gcomhairle ar 26 Samhain 2007 ag lorg €100,000 chun an balla farraige a ardú os comhair na tithe agus balla speisialta a thógadh chun na tonnta a shroanadh thar n-ais sa bhfharraige. Tá an iarratas seo á scrúdú sa Roinn i láthair na huaire.

Tá súil agam go dtugann an méid atá ráite agam inniu lánléargas don Seanadóir agus don Teach faoin infheistíocht fhiúntach agus leanúnach atá ar bun ag an Stát i bhforbairt na n-oileán, ní amháin i gcás na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall ach ar bhonn náisiúnta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.