Seanad debates

Wednesday, 7 November 2007

7:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as ucht na ceiste seo a ardú. Tá mé níos mó ná sásta an cheist seo a phlé go cuimsitheach. Ba mhaith liom cúlra na scéala seo a chuir ar taifead na Tithe. I mí na Nollag 2003, d'fhógair Rialtas na hÉireann tionscnamh mór chun Ranna Rialtais agus comhlachtai Stáit a dhílarú chuig láithreacha lasmuigh de Bhaile Átha Cliath mar chuid de chlár iomlán chun forbairt chothrom réigiúnach a chur chun cinn. Mar chuid de ráiteas an Rialtais, moltar go lonnófaí 30 post foirne de chuid Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall. Mar gheall gur comhghníomhaireacht Foras na Gaeilge de chuid an Fhorais Teanga — ceann de na comhlachtaí forfheidhmithe Thuaidh-Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta — soiléiríodh go mbraithfeadh an moladh maidir le Foras na Gaeilge ar chomhaontú ón gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Tar éis comhráite idir mo Roinnse, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann agus Foras na Gaeilge, iarradh ar Fhoras na Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2005 dréachtphlean forfheidhmithe a sholáthar chun dul i ngleic leis na ceisteanna airgeadais, lóistíochúil agus earcaíochta a bhaineann le dílárú na bpost go Gaoth Dobhair. Aontaíodh gur cheart moltaí an fhorais maidir leis na feidhmeanna agus na haonaid chorparáideacha ar leith a d'fhéadfaí a lonnú i nGaoth Dobhair a chur san áireamh sa dréachtphlean, chomh maith le hamscála deimhneach chun an próiseas iomlán earcaíochta a chur i gcrích.

Tar éis an dréachtphlean seo a bheith faighte agus machnamh déanta air, tháinig an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar chomhaontú i mí na Márta 2006 gur cheart 30 post foirne as Foras na Gaeilge a lonnú i nGaoth Dobhair. D'aontaigh an comhairle freisin gur cheart do bhord an fhorais moltaí a thabhairt chun cinn maidir leis na céimeanna a bheadh le glacadh chun an fhoireann seo a athlonnú go Gaoth Dobhair, chomh maith le cinneadh a dhéanamh faoi cé iad na rannóga agus na feidhmeanna go díreach a bheadh ag dul ann. Ag an am sin, nótáil mo chontrapháirt sa Tuaisceart agus mé fein go raibh oifigí cheana féin ag an bhforas i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, le díorma fortheilgthe foirne de 65 duine. Tá 43 ball foirne in áit cheana féin agus 22 post fós le líonadh. Measadh go b'fhéadfadh an próiseas chun na poist seo a líonadh solúbthacht iontach a thabhairt do bhainistíocht an fhorais chun a chinntiú go mbeadh toradh maith ar an bpróiseas athlonnaithe atá molta.

Tar éis comhráite le Foras na Gaeilge, cuireadh aighneacht athbhreithnithe foirne maidir le líonadh na bpost atá ceadaithe i bprionsabal mar chuid de dhíorma ceadaithe foirne na comhlachta — le roinnt post ar leith a rachaidh go Gaoth Dobhair — faoi bhráid na Ranna i mí Lúnasa 2007. Ag cruinniú de chuid an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, a tionóladh i bhformaid rannach teanga, san lúr ar 26 Deireadh Fómhair 2007, d'aontaigh mé féin agus mo chomhghleacaí ó Thuaidh, an tAire Edwin Poots, comhalta tionóil, go mbunóimis grúpa oibre a d'fheidhmeódh thar ceann Fhoras na Gaeilge agus an dá Roinn chun scrúdú a dhéanamh ar an aighneacht foirne iomlán, ar a n-áirítear na poist atá curtha in áirithe do Ghaoth Dobhair, agus chun díriú ach go háirithe ar an méid impleachtaí airgeadais a bhainfeadh leis don bhliain 2008 agus dos na blianta ina dhiaidh sin. Shocraíomar ag an dtosach, dá mba rud é go mbeadh costais breise ar an bhforas de bharr daoine a bheith ag obair i nGaoth Dobhair, go seasfadh Rialtas na hÉireann iad. Ní gá dom dul ar thóir airgid ón Rialtas ó Thuaidh. Éascaíonn sé sin rudaí go mór. Tá an grúpa oibre chun tuairisc a thabhairt ar ais chuig na hAirí roimh an gcéad chruinniú eile de chuid an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas san fhormaid rannach teanga ag tús 2008.

Chomh maith leis sin, d'iarr an tAire Poots agus mé féin go ndéanfadh an grúpa oibre iarracht roinnt príomhphost laistigh den togra fhoriomlán — ar a n-áiritear poist do Ghaoth Dobhair agus ar féidir íoc astu óna leithdháiltí reatha airgeadais — a aimsiú ar bhonn práinne agus cead a fháil dóibh on Roinn Airgeadais. Creidimid taobh istigh den Roinn gur féidir linn roinnt de na postanna a líonadh agus táimid ag iarraidh a fháil amach cad iad na postanna sin agus cén cuid dóibh a féidir linn bogadh go Gaoth Dobhair. Tá áthas orm a rá go bhfuil cúig phost dá leithéid sainaithnithe ag Foras na Gaeilge ó shin — poist a d'fhéadfadh a bheith mar chineál "reamhchosaint", nó "réamhthosach" do Ghaoth Dobhair chun aidhm an dílarnaithe a bhrú chun cinn.

Beidh comhaontú ar na céad point seo mar cheim lárnach i gcur chun cinn na haidhme chun 30 post a lonnú i nGaoth Dobhair. Tá mo Roinn agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann ag cur críoch i láthair na huaire le haighneacht a bhaineann le cead a fháil do seo sna Ranna Airgeadais ó Thuaidh agus ó Dheas. Táim ag súil go bhfógrófar na poist seo go luath agus go líonfar iad le linn 2008.

Níor mhiste a lua freisin gur iarramar ag cruinniú an chomhairle, a tionóladh le gairid, go rachadh príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ar aghaidh leis an bproiséas chun cóiríocht oiriúnach, a chomhlíonfadh riachtanas an chomhlachta sa tréimhse amach romhainn, a aimsiú i nGaoth Dobhair. Mar is eol don Seanadóir agus dom féin, tá go leor áiteanna feiliúnacha ag Údarás na Gaeltachta thuas i nGaoth Dobhair. Tá mé ag ceapadh go mbeimid in ann é sin a réiteach go sciobtha in éineacht leis an ollscoil. Maidir leis sin, tá súil agam nach gcuirfidh ceisteanna coiríochta aon bhac ar dhul chun cinn maidir le foireann a lonnú i nGaoth Dobhair a luaithe is a bheadh na ceaduithe riachtanacha faighte ós na Ranna Airgeadais.

Glacaim leis gur bhain deacrachtaí a bhí sa rud seo ó thús go deireadh — go raibh an t-uafás ama agus dúigh ag baint leis. Bhí an scéal casta mar go raibh gné Thuaidh-Theas ag baint leis. Mar a dúirt mé go minic, chuir easpa feidhmeannachas ó Thuaidh sinn siar beagáinín. Fuair mé an-chúnamh ó David Hanson nuair a bhí sé mar Aire Stáit ó Thuaidh. Ó tháinig an Aire nua, Edwin Poots, isteach mar Aire i bhFeidhmeannacht Thuaisceart Éireann, tá sé taréis a bheith thar a bheith cuideach ar fad. Sílim go bhfuil an-dul chun cinn déanta le cúpla mí anuas. Beidh cruinniú againn le gairid. Táimid ag brú ceist na háite chun cinn agus táimid ag brú ceist na fóirne chun cinn ar bhonn práinne. Cé nach mbeidh ach cúpla duine lonnaithe ann ag an dtosach — tosnóimid le cúigear, tá súil agam — creidim i ndáiríre go bhfásfaidh an rud uaidh sin. Is í an chéad céim an céim is deacra sa chás seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.