Seanad debates

Thursday, 13 September 2007

3:00 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

Ní bheidh mé ag chuir in éadan ainmniúcháin an Seanadóir Moylan. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis as ucht an ainmniúcháin a fháil. Mar atá le feiceáil sa Teach seo, is dócha go mbeidh sé tofa mar Chathaoirleach i ndiadh seo. Déanaim comhghairdeas leis agus le gach éinne atá tofa nó ainmnithe go dtí an Teach seo. Is lá bródúil é seo dúinn uilig go léir, go mórmhór domsa agus do mo pháirtí. Tá mé taréis an chéad suíochán sa Seanad a bhaint amach ar son Sinn Féin. Níl dabht ar bith agam faoin dualgas atá orm cinntiú go mbeidh an Rialtas freagrach ó thaobh rudaí ar nós sláinte, oideachas, cúrsaí teaghlaigh, forbairt réigiúnach agus infrastruchtúr. Tá mé anseo fosta chun glór a thabhairt do phobal Dhún na nGall — pobal atá fágtha ar an ngannchuid agus ar an imeall. Tá na rátaí is airde dífhostaíochta agus bochtanais sa tír i gContae Dhún na nGall. Tá na seirbhísí sláinte faoi bhrú sa chontae. Níl seirbhísí raidióteiripe nó BreastCheck againn go fóill. Tá súil agam go mbeidh mé in ann comhoibriú le gach Seanadóir agus go dtabharfaimid aghaidh ar na fadbhanna sin. Tá fadhbanna le infrastruchtúr na réigiúin — níl aon iarnród againn, mar shampla. Níl seirbhísí banda leathan ar fáil i gceantair iargúlta. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Seanadóir Moylan arís as ucht an ainmniúcháin a fháil. Tá súil agam go ndéanfaidh mé comhoibriú le gach éinne. Beidh mé i mo ghlór láidir do Sinn Féin sa Teach seo. Beidh mé ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar chlár poblachtach agus sóisialach, chun go mbeimid ábalta ath-aontú na tíre seo a bhaint amach, agus chun go mbeidh cearta ag gach saoránach, ní miste cén carn don chontae nó an tír seo ar a tháinig siad ar an saol, nó cén ioncam atá acu. Tá súil agam go gheobhaidh mé tacaíocht na Tithe seo san am atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.