Seanad debates

Wednesday, 4 July 2007

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

A ministerial order which is in contradiction of the law of the land will be thrown out by the High Court. Ní fiú an cheist a phlé inniu. Réiteofar í ar shlí éigin eile. Caithfear ceist na Gaoluinne, agus cé chomh dáiríre is atá muintir na tíre agus an Rialtas faoi thodhchaí na teanga, a phlé. Níl mé ag gearáin faoin Rialtas seo ach faoi gach Rialtas. Is í an teanga an chuid dár ndúchas is mó is fiú agus is mó atá i mbaol faoi láthair. Ba chóir duinn pé rud is féidir a dhéanamh. Má táimid go léir thar n-ais annso tar éis an toghcháin, tá súil agam go mbeimid ábalta an cheist seo a phlé i ndáiríre agus gan mórán easaontas eadrainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.