Seanad debates

Tuesday, 12 December 2006

Genealogy and Heraldry Bill 2006: Second Stage

 

5:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Tréaslaím go mór leis an Seanadóir Ó Riain as ucht an Bille seo a thabhairt chugainn. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh plé agus díospóireacht ar an méid atá ann. Agus mé ag féachaint air, caithfidh mé a rá go bhfuil sé an-tarraingteach. Tá sé tábhachtach go mbeadh sé ordaithe go rialta ó thaobh dhearcadh an Stáit de. Sa mhéid sin, táimse an-sásta vótáil chun tacaíocht a thabhairt dó.

Tá cúpla rud ann, áfach, a chuireann isteach orm beagáinín, ar an gcéad dul síos ó thaobh na gclann Gaelacha de. I gcónaí, ba é an traidisiún a bhí ag na clanna, bíodh é na Rianaigh nó muintir Uí Thuathail, nó pé dream, a gcúrsaí féin a dhéanamh iad féin. Ní raibh muintir Uí Thuathail in iarthar na tíre nó i gCill Mhantáin ariamh ag feitheamh ar Rí na Breataine, Rí na hÉireann, Rialtas na tíre seo, ná aon duine eile chun aon sórt tacaíochta a thabhairt dóibh agus iad ag teacht chun cinn ar pé bratach nó motto a bhíodh acu nó aon rud eile. Dheineadar a gcuid gnó iad féin, agus ba mhaith an rud é go ndéanfaidh siad an méid sin as seo amach chomh maith. B'fhéidir go gcuirfeadh duine i gcoinne an Stát a bheith ag cur ladair isteach ar an ngnó sin, a bhí i gcónaí i lámha na gclann go dtí seo.

Ní fheadar an bhfuil aon ghá dúinne reachtaíocht a chur chun cinn chun tacaíocht a thabhairt don Chief Herald of Ulster, nó pé rud é. Nach bhféadfaimis tosnú as an nua? Is tír nua daonlathach muid, agus ní ríocht sinn a thuilleadh. Ba mhaith liom díriú air sin chomh maith. Ní chuireann sé sin isteach ró-mhór ar an mBille, ach ba mhaith liom leasú a chur ann le go bhféadfaimis é sin a dhéanamh.

Tréaslaím go mór leis an Seanadóir as ucht é seo a thabhairt chun cinn, agus go n-éirí leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.