Seanad debates

Tuesday, 28 November 2006

2:30 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Le déanaí anseo, bhí an-chonspóid agus argóint againn mar gheall ar logainm ar leith i gCorca Dhuibhne, agus ba é an moladh a bhí agamsa ag an uair sin ná gur chóir go mbeadh logainmneacha dátheangach tríd an tír. Inniu tá agóid lasmuigh d'oifigí an Aire Iompair, an Teachta Cullen, agus an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Ó Cuív, i nGaillimh. Is é an rud atá á iarraidh ag daoine ná go mbeadh na comharthaí tráchta dátheangach. Aontaím go mór le daoine sa mhéid sin. Ba chóir go ndéanfaí é sin. Sin an sórt ruda réasúnta ar chóir a dhéanamh ar son na Gaoluinne tríd an tír. Mar shampla, agus duine ag taisteal tríd an Mhór-Roinn, sa Chatalóin sa Spáinn agus Tír na mBascach sa Spáinn agus sa Fhrainc, feiceann sé go mbíonn na comharthaí bóithre ag tús gach baile dátheangach go rialta. Ba chóir dó a bheith mar sin sa tír seo chomh maith. I am committed to the idea of bilingual signage to reflect our culture and we should offer our support to those seeking to deliver that in Ireland today. It is not much to ask.

Cím chomh maith go bhfuil an OPW inniu ag iarraidh iarracht nua a dhéanamh ar An mBlascaod Mór a cheannach don Stát. Sa Tigh seo, b'fhéidir 15 bliain ó shin, nuair a thángamar ar ais tar éis na n-oibreacha ar an tsíleáil, b'é an chéad rud a phléamar sa Seanad ná the establishment of the Blasket national park. B'é an deacracht a tharla idir an dá linn ina dhiaidh sin ná nach raibh an Stát in ann teacht ar na hoileáin mar bhí deacrachtaí ar leith ag baint le ownership of various parts of the Blaskets at the time. Ba mhaith liom go bhféadfaimis gach tacaíocht a thabhairt d'Oifig na nOibreacha Poiblí agus í ag iarraidh An Blascaod Mór a cheannach don Stát. Tá foinse agus tobar chultúr litríochta na tíre thar a bheith tábhachtach.

Today in north Clare another event of cultural importance is taking place. Michael Cusack, who has been largely forgotten in Irish history, is being commemorated by the opening of a new museum in his honour. We should value such referencing of Irish cultural activity. The museum deserves the necessary funding and I congratulate Clare County Council in that regard.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.