Seanad debates

Wednesday, 1 November 2006

Official Languages Act 2003: Statements

 

4:00 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Labhraíonn sé as Gaeilge sa Teach seo go minic. Is trua é nach mbíonn níos mó den Ghaeilge le cloisteáil anseo. Tuigim nach bhfuil aon drochthoil i gceist sa díospóireacht seo. Is maith an rud é go gcuireann an bheirt againn ár dtuaraimí ar aghaidh go minic ar an Ord Gnó. I slí, cruthaíonn sé sin go bhfuil an Ghaeilge beo — gur beo-theanga atá i gceist.

Bheadh ár lá tagtha, i ndáiríre, dá mbeadh díospóireacht mar seo le cloisteáil ar thuarascálacha an Oireachtais ar RTE. Chruthódh sé sin — má labhrann duine i nGaeilge, nó má úsáideann duine an Ghaeilge — go mbeadh an stádas chéanna ag an Ghaeilge is atá ag an Bhéarla. Tá mé lán-cinnte go raibh sé sin mar aidhm nuair a tháinig an reachtaíocht nua i dtaobh na Gaeilge isteach. Bhí sé i gceist dáiríreacht a chruthú maidir leis an Ghaeilge. Bhí go leor tacaíocht béal maidir leis an Ghaeilge le cloisteáil le blianta fada anuas. Thaispeáin an tAire, an Teachta Éamon Ó Cuív, ón tosach go raibh sé in ann a bheith raidiceach nó bunúsach. Ag an am gcéanna, bhí sé ag iarraidh a thaispeáint nach féidir linn an Ghaeilge a chur ar aghaidh i measc an phobail i gcoitinne gan reachtaíocht bunúsach a bheith ann. Nuair a bhí an gníomh sin á phlé i dTithe an Oireachtais, bhí sé soiléir go raibh an-tacaíocht ann dó. Is beag easaontas a raibh ann, rud a thug an-dóchas dom. Nuair a fhéachaim siar ar na conspóidí a bhí ann maidir leis an Ghaeilge uair amháin, go mórmhór sna 1960s, cuireann sé an-díomá orm. Ní chóir, i ndáiríre, go mbeadh easaontas ann maidir le aidhm náisiúnta, ach tharla sé sin sna 1960s.

Nuair a thóg an tAire an reachtaíocht nua isteach, bhí sé soiléir go raibh sé ag iarraidh an phobal ar fad a mhealladh leis. Dhein sé é sin i dtosach trí bheith ag caint le an-chuid daoine agus ag lorg aighneachtaí maidir leis an Ghaeilge. Labhair sé leis na heagrais Ghaeilge ar fad. Tháinig sé isteach sa Teach seo chun labhairt faoin reachtaíocht. Bhí sé ag iarraidh sinn uilig a aontú agus an phobal ar fad a mhealladh leis. Fiú amháin sna fíricí a chuir sé os ár gcomhair inniu, tá sé lán-cinnte nach raibh aon caimiléireacht nó uisce faoi thalamh i gceist. Dúirt an Seanadóir O'Toole go glacann sé agus glacann gach duine macánta sa tír seo go bhfuil croí an Aire san áit ceart. Go mórmhór, tuigimid go bhfuil sé ag iarraidh na cearta cuí a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Is fiú féachaint siar ar na 1960s, nuair a bhí cearta sibhialta na Gaeltachta á phlé. Bhí náire orm mar Ghael go raibh orthu troid ar son na cearta sin. Má fhéachaimid ar na sean-scannáin, ar nós "Reeling in the Years", is minic a fheicimid píosaí áirithe ón nGaeltacht ag déanamh cur síos ar an gcoimhlint a bhí ann ag an am. Sa chás seo, bhí an tAire ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh ar muintir na Gaeltachta dul amach a thuilleadh chun troid ar son a gcearta. Is é sin a bhi sé ag iarraidh a dhéanamh.

Nuair a bhí mé thíos i nDún Chaoin coicís ó shin — iarradh orm seminar a bhí á reachtáil ag Ionad an Bhlascaoid Mhóir a oscailt go hoifigiúil — bhí seans agam labhairt le muintir na Gaeltachta. Caithfidh mé a rá go raibh an-díomá orthu go raibh an conspóid seo ag dul ar aghaidh. Bhí náire orthu go raibh sé ag tarlú. Luann siad i gcónaí gurb í "An Daingean" — seachas "Dingle" — an t-ainm atá acu don bhaile le blianta fada anuas, fiú amháin sa litríocht. Cheap siad mar mhuintir na Gaeltachta go mbeadh áthas ar dhaoine i ngach chuid den Ghaeltacht — Dún Chaoin, An Daingean, Conamara nó aon áit eile — go raibh seasamh agus stádas ceart á bhaint amach acu agus go raibh cosaint dleathach acu maidir leis sin.

Dúirt an tAire inniu go bhfuil 2,300 logainmneacha i gceist sa díospóireacht seo. Bhí mé chun an phointe céanna a dhéanamh. De réir mar a thuigim é, is í An Daingean an t-aon áit amháin, as an 2,300 áiteanna atá i gceist, a tháinig chun tosaigh maidir leis an gceist seo. B'fhéidir nach bhfuil aistriúchán ceart á dhéanamh agam ar an sean-ráiteas go ndéanann eisceachtaí dlí olc. Táimid ag plé le pobal na Gaeltachta, An Daingean ina measc. Más rud é go bhfuil sé i gceist eisceacht a dhéanamh sa chás úd, ach gan bacadh leis an 2,300 áiteanna eile, beidh deacrachtaí ag an Aire maidir le sin. Ní raibh an tAire ag smaoineamh ar An Daingean nuair a thosaigh an díospóireacht agus an reachtaíocht seo — bhí sé ag smaoineamh ar chearta an phobail i gcoitinne. Fuair mé glaoch gutháin ó The New York Times sé nó seacht mí ó shin. Beidh an-áthas ar an Seanadóir Coghlan a chloisteáil go bhfuil poiblíocht mhór á fháil ag An Daingean amuigh i Nua Eabhrac. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil ag eirí leis an bhfeachtas ar aon nós, mar go bhfuil an-chuid phoiblíocht ag dul leis seo. Tá sé soiléir os na fíricí atá á chuir os ár gcomhair nach bhfuil aon chosc á chur ar éinne an t-ainm "Dingle" a úsáid. Is bun-phointe é sin. Má táimid ag smaoineamh ar conas a úsáidtear na hainmnithe éagsúla, táimid ag caint faoi Achtanna agus ionstraimí an Oireachtais, léarscáileanna áirithe agus na comharthaí bóithre ata á chur suas ag na húdaráis áitiúla. Níl an scéal sin amuigh go poiblí. Tá sé tábhachtach go mbeadh an scéal sin amuigh.

Tá saghas díomá orm go raibh ar an Seanadóir O'Toole imeacht, ach ba mhaith liom an pointe a rinne sé maidir leis an bpobalbhreith a fhreagairt. Is cuma cad a bhí ag teastáil, mar ní raibh aon amhras faoin toradh a bheadh ann — go mbeadh ar an Aire nó ar an Rialtas an dlí nó an t-ordú a athrú. Tá súil agam gur thuig mé an rud a bhí á rá ag an Seanadóir O'Toole. An bhfuil sé ag rá anois go mbeadh muintir An Daingean sásta le "Daingean Uí Chúis" nó, mar thugamar féin air na blianta ó shin, "Daingean Uí Chúise"? An mbeadh na daoine san áit sásta le sin amháin ar na comharthaí bóithre? De réir mar a thuig mé an tAire, d'fhéadfadh sé féachaint ar sin. An bhfuil sé sin indéanta? Thuig mé ón Aire go mbeadh sé sin níos simplí. Ní féidir an dá ainm a bheith ann, mar níl sé sin istigh sa reachtaíocht. Is é sin an phointe a bhí á phlé ag an Seanadóir O'Toole.

Bhí an tAire thar a bheith oscailte anseo. Ní amháin gur ghlac sé le comhairle fíor-leathan nuair a bhí an reachtaíocht á chur i bhfeidhm agus nuair a bhí an t-ordú á chur le chéile, ach chomh maith leis sin thug sé seans do gach dream teacht chuige, faoi mar a dúirt sé. Níor tháinig éinne ar aghaidh maidir leis An Daingean ag an am. Cuireann sé ionadh orm, cé gur bhfuair an Aire breis agus 30 aighneachtaí ar fad, nár tháinig éinne chuige maidir leis An Daingean. Cad ina thaobh gur thosaigh an conspóid úd níos déanaí? Níl a fhios agamsa, ach tá an tAire tar éis rá go mbeadh sé lán-sásta labhairt le hionadaithe na comhairle, agus tá an ceart aige labhairt leo siúd atá tofa. Tá sé sásta labhairt le comhairleoirí ó Chiarraí chun an rud seo ar fad a phlé agus a mheas, agus tá mé lán-chinnte go mbeidh sé sásta a bheith réasúnta sa chás seo, faoi mar a bhíonn sé i gcónaí. Tá sé tar éis cruthú arís nach bhfuil sé ag iarraidh aon rud a bhrú ar éinne eile. Ní bheadh sé ceart anois, áfach, na cearta atá bainte amach ag muintir na Gaeltachta a bhaint díobh arís nó aon mhíthuiscint a chothú maidir le stádas 2,300 logainm bailte, sráidbhailte, bhailte fearainn agus mar sin de.

Ba bhreá liom, faoi mar a dúirt mé go minic anseo, go mbeadh dea-thoil arís le feiscint maidir leis an gceist seo. I ndáiríre, ní hé seo croílár na ceiste maidir leis an Ghaeilge. Is é an reachtaíocht agus an tAcht féin an rud is tábhachtaí. Tá suas le 600 no 700 eagras poiblí a mbeidh orthu seirbhís dhátheangach a chur ar fáil. Sin an dea-scéal, an scéal mór i mo thuairim. Tá an rud seo timpeallach ar fad, agus tá an tAire tar éis an doras a fhágáil ar oscailt. Beidh sé ar fáil chun an stádas a bhaineann leis féin agus an fhreagracht atá air mar Aire a mhíniú do mhuintir Chiarraí tríd na comhairleoirí. B'fhéidir gur chóir dúinn go léir fanacht leis sin agus féachaint cad a thiocfaidh as.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.