Seanad debates
Wednesday, 1 November 2006
Official Languages Act 2003: Statements
4:00 pm
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
I dtosach, is mian liom fáilte a chuir roimh an Aire agus, go mórmhór, an ráiteas a chuir sé os ár gcomhair inniu. Tá sé tábhachtach, i ndáiríre, na fíricí a bheith á phlé againn agus, b'fhéidir, an mhíthuiscint atá ann i láthair na huaire a chuir ar ceal. Ní dóigh liom go gcabhraíonn an mhíthuiscint sin le aon chás. Is cinnte nach gcabhraíonn sé le muintir Chiarraí nó muintir na Gaeltachta. Is cinnte nach gcabhraíonn sé le chur chun cinn na Gaeilge freisin. Tá an-áthas orm go bhfuil ráiteas cuimsitheach curtha os ár gcomhair. Ba chóir dom a rá gur beag Seanadóir a chuireann an Ghaeilge chun tosaigh níos mó ná an Seanadóir O'Toole.
No comments