Seanad debates

Wednesday, 1 November 2006

Official Languages Act 2003: Statements

 

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Glacaim buíochas leis an Teach seo as ucht deis a thabhairt dom cúpla focal a rá maidir le cúrsaí logainmneacha. Tá córas comhuaineach aistriúcháin ar fáil sa Teach, agus, mar sin, tá sé i gceist agam mo chéad ráiteas a dhéanamh i nGaeilge, ach freagróidh mé ceisteanna sa teanga ina dtógfar iad ag an deireadh.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil an díospóireacht seo ar bun inniu. Ba mhaith liom cúlra a thabhairt maidir le cén fáth gur tugadh isteach Cuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Faoin Acht sin, is féidir leis an Aire an leagan Gaeilge de logainm a dhearbhú le hordú. Chomh luath agus a bheidh a leithéid d'ordú reachtúil déanta i leith aon logainm in aon limistéar taobh amuigh den Ghaeltacht, is é éifeacht na reachtaíochta nua ná go mbeidh comhstádas agus comhfheidhm dlíthiúil ag leaganacha Gaeilge agus Béarla an logainm.

Maidir leis na limistéir Ghaeltachta, rinne me an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 ar 21 Nollaig 2004, agus tháinig an t-ordú i bhfeidhm ar 28 Marta 2005. Tiocfaidh me ar ais chuige sin níos déanaí. I dtosach, áfach, ní miste a mheabhrú do Sheanadóirí gur ag leaganacha Béarla na logainmneacha amháin, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a bhí an seasamh oifigiúil roimh theacht i bhfeidhm Cuid 5 den Acht ar 30 Deireadh Fómhair 2003.

Is ar Acht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1973 a bhí muid ag brath go dtí sin. Bhí an tAcht sin lochtach agus easnamhach. Cé gur cheadaigh sé leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha na tíre le haghaidh críche dlí, le bheith iomlán beacht, chiallaigh se chomh maith de réir dlí go raibh an logainm féin fós i mBéarla amháin. Bhí doiléireacht ann faoi sheasamh an leagan Gaeilge ach i gcásanna áirithe atá luaite sa dlí féin.

Bhí se thar a bheith míshásúil go raibh bun-logainmneacha na tíre — agus tosaíocht acu ó thaobh dlí de — i mBéarla amháin agus gan ach leagan Gaeilge a bheith ceadaithe le haghaidh críche oifigiúla, agus ansin amháin sa chás go raibh ordú cuí déanta ag an Aire. Is dá bharr sin a chinn me ar na forálacha a bhaineann le logainmneacha a bheith san áireamh sa mBille a leagadh os comhair Thithe an Oireachtais agus ar ghlac an tOireachtas leo mar Acht in 2003 — Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Is éard a bhí i gceist leis na forálacha a tugadh isteach mar chuid d'Acht na dTeangacha Oifigiúla ná comhstádas a thabhairt do leaganacha Gaeilge logainmneacha na tíre tar éis dom mar Aire an t-ordú cuí a dhéanamh, ach amháin sa Ghaeltacht, áit a mbeadh tús áite ag an leagan Gaeilge. Cinnte, bhí sé riachtanach an t-athrú seo a dhéanamh gan dochar d'aon úsáid laethúil, do chomhfhreagras, ceadanna pleanála, d'ionchúiseamh no d'aon ní eile de rogha an phobail áitiúil féin. Ba mhaith liom a rá go sonrach agus go soiléir uair amháin eile go dtugann an tAcht cosaint shoiléir d'úsáid an leagan Béarla de logainmneacha Gaeltachta ach i dtrí chás. Is iad na cásanna ná: in Achtanna Oireachtais agus in ionstraimí reachtúla; i léarscáileanna mórscála, arna bhfoilsiú ag an Ordnance Survey nó lena cead, a bheidh forordaithe, an cineál léarscáile a úsáidtear i gclár talún seachas léarscáileanna turasóireachta; agus ar chomhartha bóthair nó sráide arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.

Níl aon tionchar, i ndáiríre, ar an ngnáthshaol ach ag an gceann deireanach sin, a bhaineann leis na comharthaí bóthair. Mar sin, is ar chomharthaí bóthair amháin a bheidh éifeacht no srian ó thaobh úsáide ó lá go lá ag Cuid 5 den Acht. Fiú ansin, níl aon éifeacht ag an Acht ar aon chomhartha seachas ar chomharthaí bóthair agus sráide arna gcur suas ag údaráis áitiúla amháin.

Is é an cúlra atá leis seo ná go raibh go leor agóidíochta sa Ghaeltacht sna 60í in aghaidh comharthaí bóthair dátheangacha mar gur bhraith pobal na Gaeltachta gurbh é an t-ainm Gaeilge an t-ainm ceart ar áiteanna sa Ghaeltacht. Chuir siad in aghaidh leaganacha Béarla de logainmneacha a bheith á mbrú anuas orthu ag lucht maorlathais, mar a b'fhacthas dóibh é. Mar thoradh air sin, i 1970 rinne Roibeard ÓMaoildhia, mar Aire Comhshaoil, ordú gurbh i nGaeilge amháin a bheadh gach comhartha bóthair ar a mbeadh logainmneacha sa Ghaeltacht.

Dá bhrí sin, ó 1970 ar aghaidh, is i nGaeilge amháin, de réir dlí, atá logainmneacha ar chomharthaí bóthair i gceantair Ghaeltachta, lena n-áirítear an comhartha "An Daingean" mar a bhí le feiceáil i roinnt mhaith nuachtán. Mar sin féin, áfach — agus is deacair a thuiscint cén fáth — lean na léarscáileanna a bheith i mBéarla amháin, agus is rud é sin a bhí ina ábhar mór mearbhaill.

Bhí se soiléir, ó thaobh an turasóra de, nach ndearna sé ciall dhá chineál comhartha bóthair a bheith ann d'áiteanna sa Ghaeltacht, cuid acu dátheangach agus an chuid eile i nGaeilge amháin. Luíonn se le réasún, mar sin, go bhféadfaí a bheith ag súil, má thuigeann an turasóir an comhartha i nGaeilge amháin laistigh den Ghaeltacht, go dtuigfeadh sé an comhartha céanna lasmuigh den Ghaeltacht. Ar an láimh eile, mura dtuigeann sé comhartha i nGaeilge amháin lasmuigh den Ghaeltacht, beidh deacracht den chineál céanna aige leis laistigh den Ghaeltacht. Gan amhras, is é fírinne an scéil ná nach gá go dtuigfeadh an turasóir ciall an logainm ar chomharthaí bóthair chun a dtreo a aithint agus slí a dhéanamh. Is é an rud is tábhachtaí don turasóir ná go mbeadh comharthaíocht bóthair mhaith ann agus go mbeadh sí mar a chéile chuile háit, agus go mbeadh sé éasca dóibh iad siúd a leanúint bunaithe ar an léarscáil.

Maidir le cén fáth nár roghnaigh an tOireachtas comharthaí bóthair dátheangacha i ngach áit, braitheadh go spreagfadh a leithéid de chur chuige tuilleadh agóidíochta agus míshástachta sa Ghaeltacht agus go bhfeicfí é mar chúlú on gcinneadh, bunaithe ar éileamh an phobail, a rinne Roibeard Ó Maoildhia i 1970. Glacaim leis go bhfuil dhá theanga sa tír seo, ach maidir le líon na gcainteoirí agus an méid a úsáidtear sa saol poiblí í, is í an Ghaeilge is laige den dá theanga. Tá gá, dá bhrí sin, le beartais faoi leith chun í a chosaint, go háirithe sa Ghaeltacht, mar a bhfuil sí fós coinnithe mar theanga labhartha an phobail.

Socraíodh, mar sin, gurbh é an cur chuige ba chomhsheasmhaí agus ba loighciúla ná go dtaispeánfadh gach comhartha bóthair an t-ainm oifigiúil amháin d'áiteanna sa Ghaeltacht. Rinneadh socruithe, áfach, go dtaispéanfadh léarscáileanna turasóireachta a chuir an Ordnance Survey amach an dá leagan den ainm, is é sin, an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla, chun go bhféadfadh turasóirí an áit a bheadh á lorg acu a aithint ó mhapaí bóthair. Ní amhlaidh a bhí an scéal i gcónaí san am atá caite. Tá tugtha le fios freisin ag Collins agus ag an AA go ndéanfaidís amhlaidh, agus i gcás an AA tá ainmneacha dátheangacha ar áiteanna sa Ghaeltacht acu ar chuid dá léarscáileanna cheana féin.

Cuireann an chonspóid faoin ainm "An Daingean" an-bhrón orm. Maidir leis an logainm féin, tá ceisteanna agus argóintí a bhaineann leis an ábhar sin a phléifidh muid ar ball. Is é an rud is measa faoi chuid mhaith den díospóireacht ná an mí-eolas a bhain léi on tús. Fiú sa Kerryman an tseachtain seo chaite, dúirt an eagarfhocal é seo.

Only Minister Ó Cuív can explain why he and his department failed so miserably in applying any foresight or element of democracy or consultation to the Placenames (Ceantair Gaeltachta) Order 2004 which is at the root of all the controversy in West Kerry.

Is fiú go mór dom, sa chomhthéacs sin, cur síos a dhéanamh ar na céimeanna a ghlac me chun an t-eolas is forleithne a chur i láthair an phobail agus na bpáirtithe leasmhara uile. Ba é seo an chéad uair ariamh a raibh dul i gcomhairle phoiblí ag Aire faoi logainmneacha. I mí Iúil 2003, d'eisigh mo Roinn preaseisiúint ar cheist na logainmneacha, agus tá 15 fógra eile eisithe ó shin a bhaineann le logainmneacha. Tá mé á cur sin ar fáil do Bhaill an Tí seo.

I mí Mheithimh 2004, cuireadh dréachtchóip den ordú chuig na grúpaí pobail go léir i ngach ceantar Gaeltachta — timpeall 80 ar fad, agus 15 cinn acu i nGaeltacht Chiarraí — chuig na comhairlí contae cuí agus chuig Údarás na Gaeltachta. Bhí sí ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta freisin. Tar éis sin, ritheadh próiseas comhairliúcháin dhá-mhí faoina raibh deis ag na pobail áitiúla sna ceantair Ghaeltachta éagsúla na logainmneacha a bhí molta ag an gCoimisiún a phlé.

I bpreaseisiúint i mí Iúil 2004, tugadh cuireadh do phobail agus do dhaoine áitiúla a dtuairimí faoi na leaganacha Gaeilge a bhí molta san dréachtordú a chur faoi bhráid bhrainse na logainmneacha sa Roinn faoin 31 Lúnasa 2004. Tugadh poiblíocht don phróiseas sin sna meáin éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta, go háirithe ar Raidió na Gaeltachta, TG4, Foinse agus , agus mar thoradh air sin bhí díospóireacht bhríomhar faoi leaganacha áirithe de na logainmneacha ar na meáin sin.

Ar 23 Iúil 2004, vótáil bord Údarás na Gaeltachta d'aonghuth i bhfábhar an dréachtordaithe, agus léirigh sé a dtacaíocht iomlán, d'aonghuth, ina leith. Tá 20 comhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta. Toghann toghlach na Gaeltachta 17 acu go díreach, agus ceapann an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an triúr eile, an cathaoirleach san áireamh. Is daoine Gaeltachta iad an triúr a cheapann an tAire freisin.

I mí Mheán Fómhair 2004, rinne oifigigh de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cur i láthair eile do bhord Údarás na Gaeltachta chun deis a thabhairt dó plé iomlán a dhéanamh ar mhionsonraí an ordaithe agus ar na himpleachtaí a bhainfeadh leis. I mí Aibreáin 2005, bhronn me cóipeanna ceangailte den Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 ar ionadaithe na gcomharchumann Gaeltachta agus na gcomhairlí chontae cuí.

Níl ansin ach liosta garbh, gan trácht ar chláracha a rinne oifigeach mo Roinne ar Raidió na Gaeltachta ag plé na ceiste go mion, altanna a ritheadh i bhFoinse agus i , míreanna nuachta a ritheadh ar TG4, agus araile. Cuireadh an t-eolas faoin ordú seo chuig gach seomra nuachta sa tír, Gaeilge agus Béarla, gan trácht ar ghlaoanna gutháin agus nótaí eolais a scaipeadh orthu. Ní féidir le mo Roinn ná mé féin tada a dhéanamh faoi muna bhfuil suim ag na meáin Bhéarla i gcúrsaí Gaeilge seachas nuair atá drochscéal ann.

Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun na fíricí a bhaineann le cás An Daingin a chur ar thaifead an Tí seo. Cé mhéad ama atá fágtha agam?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.