Seanad debates
Thursday, 8 June 2006
Order of Business.
11:00 am
Fergal Browne (Fine Gael)
An maidin seo, níl ach dhá mhíle dhéag daltaí ag déanamh ardleibhéal sa Ghaeilge san ardteistiméireacht. Ag an am céanna, táceadúnas speisialta ón Roinn ag timpeall fiche míle daltaí gan Gaeilge a dhéanamh san ard leibhéal. Is léir ó na figúirí go bhfuil níos mó daltaí ag déanamh ardleibhéal sa Fhrancais ná sa Ghaeilge. Is rud scannalach é i mo thuairimse. Tá siad ag foghlaim na Gaeilge ocht mbliana níos faide ná an Fhrancais. Mar thoradh, impím ar an gCeannaire díospóireacht a eagrú ar an ábhar seo agus go háirithe maidir le múineadh na Gaeilge agus caighdeán na Gaeilge sa tír seo faoi láthair agus sa todhchaí.
No comments