Seanad debates
Wednesday, 5 April 2006
Irish Language: Motion.
4:00 pm
Fergal Browne (Fine Gael)
Ní dúirt ach ceann amháin de na múinteoirí aon rud faoi bhás an teanga. Freisin, dúirt siad gur mheasadar nár mhaith an rud é an Ghaeilge a bheith éigeantach go dtí leibhéal na hárdteiste. Is soiléir go bhfuil fimíneacht ann maidir leis an nGaeilge. Faoí láthair, níl scrúdú béil sa teastas sóisearach. Is é mo thuairim go gcaithimid é seo a athrú gan mhoill. Ní féidir leis na daltaí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna téacs-leabhair a fháil as Gaeilge.
B'fhéidir nach mbeadh an ceart ag an Teachta Enda Kenny maidir leis an Gaeilge, ach ar a laghad tá beagnach gach duine ag caint faoi mhúineadh na Gaeilge agus ar conas a mbheadh daltaíábalta an teanga a labhairt agus a usáid ar scoil agus ina saol féin. Is rud maith é, i mo thuairim.
No comments