Seanad debates

Wednesday, 5 April 2006

4:00 pm

Photo of John Gerard HanafinJohn Gerard Hanafin (Fianna Fail)

Ba mhaith liom mo bhuíochas a gabháil leis na Seanadóirí uilig as ucht an díospóireacht seo a bheith ar siúl againn inniu. Tuigim go maith go bhfuil suim dháiríre ag na Seanadóirí ar fad sa Teach seo sa Ghaeilge, mar go bhfuil díospóireacht láidir ar siúl. Tá tuairimí maithe acu faoin dteanga, mar atá acu i leith chúrsaí oideachais go ginearálta. Is trua é gur ábhar polaitiúil atá idir lámha againn anseo, ach ábhar polaitiúil a bheidh ann fad is atá polasaithe Fhine Gael mar gheall ar an Ghaeilge éigeanteach sna scoileanna ag an bpáirtí sin. Is trua é sin mar ní dóigh liom go dtuigeann Fine Gael an toradh a bheidh ar a gcuid bpolasaithe. Is dóigh liom go bhfuil easaontas idir an méid a deireann siad, an méid a cheapann siad agus an méid a thuigeann siad ó thaobh na Gaeilge, agus na polasaithe atá acu. Is é sin an fáth go bhfuil fadhb againn ó thaobh vótála nó aon rud eile anseo inniu.

Aithnímid go léir an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge i sochaí na tíre seo. Tá grá againn go léir don teanga Ghaelach mar is cuid dár stair agus dár gcultúr féin í. Mar a dúirt an Seanadóir McHugh, is teanga álainn í, le focail agus cúlra álainn. Tugann na focail sa teanga Ghaeilge i bhfad níos mó eolais dúinn ná focail sa teanga Bhéarla. Má fhéachaimid ar logainmneacha, nó placenames, ar fud na tíre tá sé soiléir nach dtugann an Béarla aon eolas dúinn. Nuair a fhéachaimid ar an Ghaeilge, tuigimid go maith an áit ina bhfuilimid — an cúlra agus an stair a bhaineann leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.