Seanad debates

Wednesday, 5 April 2006

4:00 pm

Maurice Hayes (Independent)

Cuirim fáilte roimh an Aire anseo. Is mór an trua go bhfuilimid ag déanamh cheist poilitíochta de seo ar chor ar bith mar is dóigh liom go bhfuilimid go léir sa Seanad ar an dtaobh céanna ar son na Gaeilge. Glacaim leis go bhfuil na Seanadóirí a chuir síos an rún agus an Seanadóir de Búrca go macánta ag lorg leasaithe teanga. Tá súil agam, i ndeireadh na dáile, nach ndeanfaí deilt sa Teach agus nach mbeidh vótáil ann. Is iontach go bhfuil an díospóireacht againn. Díospóireacht fhiúntach atá ann. Nach féidir linn ansin glacadh leis an phrionsabal go bhfuilimid go léir ar son na Gaeilge agus go dteastaíonn uainn go léir slí a fháil amach chun an teanga a chur chun tosaigh, agus a iarraidh le chéile ar an Aire pé rud is féidir léi a dhéanamh chun é sin a chur i bhfeidhm?

Táim cinnte gur maith an rud é tosnú ins na bunscoileanna le comhrá na Gaeilge agus gan trácht ar aon rud eile, agus ba mhór an feabhas más féidir linn daoine le leanaí a mhealladh teacht isteach as an mbunscoil agus cumas caidrimh agus cumarsáide acu i nGaeilge shimplí. Ins na scoileanna idirmheánach freisin, is fearr an bhéim a chur ar chomhrá. Ní chuirim mórán muinín sna staitisticí atá san Daonáireamh mar is féidir le daoine a rá go bhfuil caint na Gaeilge acu nuair nach bhfuil ach cúpla focal, agus chím a leithéid chéanna sa Tuaisceart. Tá gné amháin i gceist, a thaispeánann sé, mar a dúirt an Leas-Chathaoirleach, go bhfuil an Ghaeilge faiseanta i ndeireadh na dáile.

Is mór an rud é go bhfuil Gaelscoil i ngach chontae anois agus b'fhéidir gurbh fhiú dúinn féachaint ar cad é an recipe atá acu. Cad is féidir leo a dhéanamh nach féidir a dhéanamh sna scoileanna eile? Tá gné amháin i gceist: tá dúthracht ag na tuismitheoirí agus tá ceangailt ag na tuismitheoirí. Tá níos mó aithne agam ar na Gaelscoileanna sa Tuaisceart agus tá eolas acu orm freisin, agus bíonn sin ann i gcónaí.

Tá easpa téacsleabhar tré Ghaeilge sa Tuaisceart freisin. Níl na téacsleabhair Ghaeilge acu agus tá siad ag brath ar an Roinn sa Deisceart na téacsleabhair a chur ar fáil dóibh. Ba mhór an rud é a leithéid a dhéanamh.

Caithfidh an t-Aire suim na ndaoine óga sa Ghaeilge a spreagadh agus a chothú sa dtreo is go bhfuil sé saghas "hip", mar a déarfá. B'fhéidir go mbeidh trácht ar Pheig Sayers agus is mór an trua é. Bhí aithne agam ar Pheig agus an-mheas agam uirthi, but it is hard going for the ordinary kid. Years ago I remember thinking that if we could only encourage the Censorship Board to ban a book in Irish the language would be revived in the morning. Nílim á rá gur chóir don Aire leabhair gháirsiúile a chur amach ach b'fhéidir gurbh fhearr go mbéidís níos cóngaraí do na leabhair, na téacseanna agus na núachtáin a léann an t-aos óg i láthair na huaire.

Bá mhaith liom freisin cabhrú le leas-rún an tSeanadóra Ó Tuathail mar gheall ar Bhaile Bhúirne. Is cuimhin liom dul ar cuairt go Baile Bhúirne 60 bliain ó shin nuair a bhí cairde agam sa choláiste ullmhúcháin ag déanamh an teastais timire Gaeilge, agus ionad iontach atá ann. Tá ionad nó institiúid de shaghas éigin ag teastáil chun na téacsleabhair a dhéanamh.

Molaim freisin Teilifís na Gaeilge. Tugann sé sásamh mór domsa nuair a chím go gcaithfidh mo chomharsanna Aontachtóirí, más áil leo Ulster a fheiscint ag imirt sa Celtic League, na cluichí a fháil ar TG4, agus tá leanúint maith go leor air sa Tuaisceart. Taispeánann sin freisin gur féidir na huirlisí nua-aoiseacha leictreonacha a chur ar fáil ins na scoileanna agus ins na hinstitiúidí i mBaile Bhúirne.

I suggest that the schools are equipped for dealing with the matter. It is no longer necessary to think of everything in terms of written texts. CDs and websites exist and if the schools were equipped and if we had a central institute producing them, we could have a very exciting mix. Youngsters now operate through cell phones, iPods, etc., and that is the market we should pursue.

I hope that at the end of the day we can agree that we had a good debate and that a vote is not needed. Both the motion and the amendment, in a sense, could be withdrawn. in order to dispose of his amendment, it would help if the Minister could give an assurance to Senator O'Toole that she would consider what help could be given to Baile Bhúirne. Is maith an rud go raibh an díospóireacht againn agus molaim an obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.