Seanad debates

Wednesday, 5 April 2006

4:00 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Tá fáilte roimh an Aire chuig an díospóireacht seo. I ndáiríre, is maith an rud é go bhfuil sí ag tarlú, mar cruthaíonn sé sin go bhfuil an Ghaeilge beo agus go bhfuil grá againn uilig don teanga. Táimid ag iarraidh comhoibriú le chéile le cinntiú go mbeidh feabhas ar stádas na Gaeilge, ní amháin sa chóras oideachais ach sa timpeallacht freisin. Caithfidh an trí rud dul le chéile, an córas oideachais, an scolaíocht agus an timpeallacht. Má fhéachtar siar ar stair na Gaeilge, feicfear go bhfuil sárobair déanta le blianta fada ag na scoileanna. Ba é ceann de na deacrachtaí a bhí ann i gcónaí náé seo. Is cuma cén cumas Gaeilge a bhí ag daoine, nuair a chuadar lasmuigh den scoil sa Ghalltacht, ní raibh an Ghaeilge á húsáid. Mar sin, níor fhéach na scoláirí ar an Ghaeilge mar rud a bhí tábhachtach ann féin agus a bhíáúsáid go nua-aimseartha i measc an phobail.

Tá sé suimiúil i ndáiríre go bhfuil feabhas tagtha ar an timpeallacht anois. Ní dóigh liom go bhféadfadh éinne a rá nach bhfuil sárjab déanta ag TG4. Bím ag caint le daoine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.