Seanad debates

Thursday, 2 March 2006

Criminal Justice (Mutual Assistance) Bill 2005: Second Stage.

 

12:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Cuirim fáilte roimh an Aire agus tááthas orm gur thosaigh sé an Bhille seo sa Teach seo. Tá sin déanta go minic aige. Is maith an rud é fosta gur thóg sé deis Gaeilge a úsáid i rith na díospóireachta. Tá sin tábhachtach.

Tá an reachtaíocht seo casta, tábhachtach agus cuimsitheach — níl sé léite agam. Rinne mé iarracht féachaint fríd an rud ach bhí sé i bhfad ró-chasta, tá mé ag brath ar an memo, rud nach mbíonn baint agam leis go minic.

Is cuimhin liom nuair a tháinig mé isteach sa Teach seo don chéad uair, bhí an-díospóireacht ar extradition. Bhí an-deacrachtaí ag Fianna Fáil faoi seo. Bhí argóintí ar an dá thaobh gan díriú isteach ar an dul chun cinn a ba cheart a dhéanamh. Chaith mé mó vóta i gcoinne an reachtaíochta, cé go bhfuil mé i bhfabhar extradition. Mhothaigh mé go láidir gur cheart prima facie case de shaghas éigin bheith curtha thar bhráid cúirte. Bhí mé i gcónaí ar son extradition, bhí mé in éadan safe havens dóibh siúd a rinne whatever ar dhaoine.

Tá reachtaíocht na tíre seo bunaithe ar Westminster. Ag féachaint ar an chód dlíthiúil sa Fhrainc, tá an-difríochta ann. Labhair an Seanadóir Walsh faoi chiontacht. Bun-phrionsabal reachtaíochta na tíre seo go bhfuil duine neamhchiontach go dtí go bhfuil fianaise curtha os comhair na cúirte agus tá an chúirt sásta go bhfuil an duine ciontach. Ní tharlaíonn sin i dtíortha eile agus tá sin casta.

Tá mé i bhfabhar cad a dúirt an tAire ach ní thuigim conas mar a tharlóidh sé. Bhí mé ag féachaint ar an sliocht ag baint leis an right to silence and the demand to give evidence. Nuair a bhí muid ag plé leis an right to silence cúpla bliain ó shin, dúirt muid go bhfuil an chúirt in ann inference a thógáil dá mba rud é nach bhfuil duine sásta fianaise a thabhairt. Níor chuir muid deireadh leis an cheart ciúnais. Tá sin tábhachtach má tá muid sásta comhoibriú agus fianaise a chur ar fáil do stát eile faoi duine atá ina chónaí anseo. An mbeidh na rialacha céanna ag an duine tar éis dó a bheith curtha don tír eile le fianaise a thabhairt ansin? Má tá ceart ciúnais aige sa tír seo, an mbeidh sin aige sa tír eile? Deir an tAire that a person may not be required to give evidence in a way that would not be legal in this country or the country that he or she is going to. Ní thuigim sin go díreach ó thaobh an taobh eile den scéal. An féidir brú a chur ar shaoránach na tíre seo fianaise a thabhairt faoi dlí na tíre eile tar éis dó nó di bheith curtha go tír eile?

Cuirim fáilte faoin méid a dúirt an tAire faoi fhianaise tríd an fhón agus teicneolaíochtaí teilifíse nó any kind of technology between two countries. Tá mé i bhfabhar na húdaráis i dtíortha eile bheith in ann sonraí bainc a chuardach sa tslí céanna agus is féidir sa tír seo. Tá sin tábhachtach ach tá deacracht ag baint leis. Tá an tAire ag iarraidh dul i ngleic le cearta atá ag tarraingt i gcoinne a chéile, an ceart ciúnais ar an taobh amháin agus freagracht fianaise a chur ar fáil ar an taobh eile. The Minister's comhghleacaithe i Kings Inns could go on their pension with this legislation. An deacracht a bheidh ann ná go mbeidh daoine sna cúirteanna go ceann míonna ag iarraidh seo a chur i bhfeidhm.

I would like to hear the Minister's comments on that issue. How can we tie it up? I am in favour of the legislation, although there might be issues which I would like changed or which I would like the Minister to reconsider. Any fair-minded democrat would have to be in favour of what we are trying to do.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.