Seanad debates

Wednesday, 22 February 2006

Comhairle Elections.

 

7:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach anseo anocht. Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chun comhairle a thabhairt don Aire Oideachais agus Eolaíochta as well as to the various committees dealing with the curriculum. An jab atá acu ná iniúchadh ar chás speisialta na scoileanna Gaeltachta agus na ngaelscoileanna. Tá an grúpa seo curtha le chéile ag an Aire faoin chumhacht atá aici faoi alt 31 agus alt 55 den Acht Oideachais 1998. Tá ainmniúcháin ag an Aire í féin agus ag grúpaí áirithe, mar shampla, na ceardchumainn. Níl mé ag díriú isteach ar na grúpaí sin anocht. Tá daoine áirithe tofa as na gaelscoileanna agus as na Gaeltachtaí.

Tá géarghá ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta cosc láithreach a chur ar an toghchán atá ag dul ar aghaidh. An deacracht atá ann ná seo — tá cosúlacht ann go bhfuil an próiseas atá á úsáid neamhshláindiúil agus, b'fhéidir, mídhleathach. Tá sé cinnte nach bhfuil aon bhunús dleathach air seo. Tá deacracht ann mar nach bhfuil aon rialacha ná treoirlínte ar conas a rachaidh an toghchán seo foilsithe nó ar fáil. Níl aon soiléireacht ann ó thaobh liosta dóibh siúd a bhfuil cead vótála acu. Níl register of electors d'aon sórt ann. Níl aon rialacha foilsithe mar gheall ar iarrthóirí— cad as dóibh, cad iad na coinníollacha atá ag baint leo, an bhfuil sprioclá ann ar chóir ainmneacha na n-iarrthóirí a chur isteach roimhe, srl.

Ar an dtaobh eile den scéal, ba chóir go mbeadh seans ag iarrthóirí tarraingt siar nuair a fheiceann siad líon na ndaoine atá ainmnithe, go mórmhór ó thaobh na nGaeltachtaí de. Samhlaigh ar na ndaoine i nGaeltacht Thír Chonaill, i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge in aice leis an Aire Stáit, i gContae na Mí, i gCorca Dhuibhne, i gCorcaigh, i Maigh Eo agus i nGaillimh — b'fhéidir nach bhfuil a lán ag tarlú eatarthu go dtí go bhféachann daoine ar cé eile atá ag dul ag iarraidh toghchán. Tá gach seans ann go bhfuil daoine ar aon aigneann ab fhearr dóibh duine amháin a chur chun cinn agus na daoine eile atá ar aon aigne leo a tharraingt siar chun go n-éireódh le duine éigin eile an beart a dhéanamh.

Ba mhaith liom sampla a thabhairt de na deacrachtaí éagsúla. Tá na páipéir bhallóide imithe amach faoin am seo. Creid é nó ná creid, tá misspellings ina lán acu. Níl aon tuiscint agam ar conas a chuirtear na liostaí le chéile. Ní dóigh liom go bhfuil na hainmneacha nó na sloinnte in ord aibítreach. Níl aon tuiscint agam ar conas a cuireadh le chéile iad. Ní raibh aon eolas tugtha dóibh siúd atá ag vótáil ar na hiarrathóirí; mar shampla, cén sórt cúlra atá acu, cad iad na polasaithe atá acu, cad as dóibh — b'fhéidir go bhfuil sé sin ann — cén sórt taithí, cáilíochtaí nó cúlra atá acu nó cén sórt polasaithe a bheidh á chur chun cinn acu. Ní raibh aon teacht ag na hiarrthóirí féin ar na daoine a bhí ag caitheamh vótaí. Ní raibh seans acu an rud a phlé nó aon sórt canbhasála a dhéanamh. Tá an rud ag dul chun cinn faoi lánseol faoi láthair.

Má théann aon duine isteach sna cúirteanna chun ceist a chur ar an gcúirt an bhfuil an toghchán seo dleathach, nó an féidir leis dul ar aghaidh, tá mé cinnte go mbeidh an chúirt ar aon aigne leo siúd atá corraithe mar gheall ar an tslí a bhfuil sé seo ag dul chun cinn. B'fhéidir go ndearna duine éigin botún nádúrtha nó tharla míthuiscint mhacánta gan aon daoine a bheith ag déanamh aon rud d'aon ghnó anseo. Níl a fhios agam é sin, ach tá tuiscint mhór agam nár chóir ligint dó seo dul ar aghaidh. Tá tuismuitheóirí, múinteóirí agus baill de bhoird bhainistíochta na scoileanna á dtoghadh ar an chomhairle againn. Tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá jab tábhachtach acu. Tá sé an-tábhachtach don Ghaeilge agus don oideachas Gaeilge go mbeidh gach rud above suspicion and above question, i ndáiríre. Is é sin an rud atá i gceist agamsa. Caithfidh an tAire féachaint isteach sa rud seo. An rud atá á mholadh agam ná gur chóir an rud seo a chur ar athló chun seans a thabhairt dúinn treoirlínte a chur ar faíl agus a fhoilsiú, chun rialacha a bheith againn agus chun tuiscint a thabhairt do gach éinne faoi cad atá ar siúl.

We should proceed in the manner I have outlined. An election is planned to elect people to the Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, which will give advice on teaching and learning through the Irish language in gaelscoileanna and in Gaeltacht areas. As politicians, we understand the election process better than most. The names of the candidates have been submitted. Some people thought they would have an opportunity to withdraw their names from the list of candidates after they had seen the full list. They might have liked to step aside in favour of another candidate who shares their view of the world, as normally happens in any election process. It is amazing that the people going forward for election have not been given a list of the people who are voting. Can Senators imagine that being allowed to happen in any kind of election, regardless of its importance? This is a light touch regulation — there is no need for a constitutional position but fair play is necessary. Those who are voting have not been given an opportunity to get to know the people seeking election and those seeking election have not been given an opportunity to make their views known to the people who are voting. Nobody can win.

I will repeat what I said in Irish. I have raised this matter in a very honest way. I am not trying to take a cheap political shot at anybody. This important group of people has not yet been allowed to do its job, but that is a separate issue that I will talk about on another occasion. It is important that they be given every support. I want them to start off with full, proper procedures so that nobody can question whether they are above suspicion.

I know the Minister is a sensible woman and I would be amazed if she did not share my views on this. We do not need to carry a big stick on this issue. The easy way to do this is to put the election on hold, set up rules and regulation and then look at it again.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.