Seanad debates

Thursday, 16 February 2006

University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad Bill amended by the Dáil]: Report and Final Stages.

 

1:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Fáiltím roimh an Aire Stáit. Tá mé sásta tacú leis an reachtaíocht seo, ós rud é go bhfuil sí tábhachtach agus praiticiúil. Bhí an-bhrú ar an ollscoil go dtí seo ag fostú daoine mar bhí iachall orthu Gaeilge den scoth a bheith acu. Rómhinic, ní raibh an caighdeán sin Gaeilge ag daoine, go speisialta iad siúd as an iasacht agus ní raibh an ollscoil in ann postanna a thabhairt dóibh. Bhí all sorts of difficulties aici idir an dá linn agus bhí sí os comhair na cúirte níos minice ná uair amháin nuair a chuir daoine ina haghaidh.

Bhí na various Irish language groups on the east coast who are very slow to see practical approaches to the Irish language corraithe faoin mBille seo cionn is nach mbeadh tús áite ag an nGaeilge a thuilleadh in Ollscoil na Gaillimhe agus chuir sé isteach orthu. Tá seo i bhfad níos tábhachtaí don Ghaeilge ná aon rud a bhí ann roimhe seo. Go dtí anois, cé go raibh ar dhuine a bheith in ann Gaeilge a labhairt sula bhfaigheadh sé nó sí jab san ollscoil, ní raibh aon bhrú nó aon fhreagracht ina dhiaidh sin ar an gcoláiste féin an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá sé an-tábhachtach anois go bhfuil sé mar cheann de phríomhaidhmeanna an choláiste an Ghaolainn a chur chun cinn. Is mór an trua é nach mbeadh an dearcadh praiticiúil céanna ar gach gné de pholasaí an Rialtais i dtaobh na Gaolainne. Inné sa Teach eile, bhíos ag éisteacht leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Ó Cuív, a bhí ag cur le liosta na gcomhlachtaí a mbeadh orthu as seo amach a gcuid tuairiscí bliantúla a fhoilsiú i nGaolainn. Ba bhreá an rud é a bheith ag éisteacht leis agus a fheiceáil cé chomh tábhachtach agus a bhí sé seo. Do chuir sé isteach orm, agus bhí mé buartha go mór agus mé ag éisteacht leis. Bhí sé an-tábhachtach, de réir dealraimh, go mbeimis in ann teacht ar the National Roads Authority's tuarascáil bhlíantúil in a lovely glossy presentation ach go bhfuil sé i nGaolainn.

Ar an taobh eile den scéal, tá múinteoirí tríd an tír, i ngach cuid di, Gaeltachtaí, Galltacht agus Gaelscoileanna ina measc, ag iarraidh ceachtanna a mhúineadh gan aon téacsanna Gaolainne a bheith acu. I cannot for the life of me understand how it is more important to a Government that the National Roads Authority's report and Government strategic plans should be produced in Irish when no one cares — I will not say what was in my mind — about schools trying to teach Irish without Irish textbooks.

Bhíos ag éisteacht leis an Aire inné, agus bhí sé ag tabhairt ceacht staire dúinn ar Dingle, An Daingean, Daingean Uí Chúis, cad as a dtáinig siad, agus cé chomh tábhachtach agus a bhí siad. That is fine. Bhí ceacht staire anseo, ach tá múinteoirí ag iarraidh stair a mhúineadh do rang 6 sna bunscoileanna gan téacs Gaolainne staire a bheith ar fáil acu. That is despite the fact that cúpla bliain ó shin tugadh all sorts of geallúintí dúinn that we would establish in west Cork áis nua a chuirfeadh ar fáil téacsanna, leabhair agus gach rud a bheadh de dhíth ar mhúinteoirí agus ag teastáil uathu agus ó scoileanna chun Gaolainn a chur chun cinn.

However, it is the old story. We will do the whole glossy bit and see the National Roads Authority, the National Treasury Management Agency and the Government strategic policies publish in Irish, while no one cares that, where we are teaching in Irish, we cannot get our hands on Irish textbooks. It must be 24 times more important that we spend the money going to develop those documents on producing textbooks for primary and post-primary schools.

If we have something left over, we should invest it in the provisions of this Bill for NUI, Galway, which has as a principal aim forbairt agus cur chun cinn na Gaolainne nó whatever the actual wording is, cé chomh tábhachtach agus atá sé, agus tá an-jab ar siúl acu. They have a practical approach. They have outreach education acu siúd in áiteanna i gConamara agus, chomh maith leis sin, i dTír Chonaill, áiteanna ar féidir le daoine freastal ar chúrsaí trí mheán na Gaolainne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.