Seanad debates

Wednesday, 8 February 2006

Death of Former Member: Expressions of Sympathy.

 

10:30 am

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

Tá sé de phribhléid agam cúpla focal a rá in ómós do Ruairí Brugha. Ní dóigh liom go raibh comhrá aige as Béarla ariamh, agus bhí aithne agam air le beagnach 30 bliain. Tá na focail atá ráite ag gach éinne a labhair anseo go léir fíor ó thaobh an tsaoil pholaitiúla agus stair agus thodhchaí na tíre de. Caithfear a rá chomh maith, áfach, gur duine uasal, séimh, macánta a bhí ann. B'shin iad na rudaí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm nuair a bhuaileas leis go minic ó thángas anseo i 1981.

An rud ba mhó ar labhraíomar faoi ná Iarthar Dhuibhneach agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus an draíocht a bhaineann leis an áit sin. Bhí a chlann agus é féin tar éis dul i bhfeidhm ar mhuintir Chorca Dhuibhne, agus bhuaileas le beirt ó Iarthar Dhuibhneach a bhí tar éis teacht go Baile Átha Cliath i gcomhair na sochraide. Sin turas de 250 míle, nach mór. Bhíodar tar éis teacht chun bheith i láthair ag a shochraid. Tá mé an-chairdiúil anois le duine dá chlann. Bhíomar i ngleic lena chéile go mór-mhór san ollscoil nuair a bhí Cathal Óg ina bhall d'Fhianna Fáil. Is féidir a rá nach rabhas féin i mo bhall d'Fhianna Fáil ag an am sin, ach réitíomar níos mó le chéile, agus caithfidh mé a rá gur tionchar dearfach é an tionchar atá ag Clann Brugha ar an dtír seo anois agus mé ag féachaint ar an mbóthar atá amach romhainn agus ag smaoineamh ar na rudaí siúd.

Bhuaileas leis den uair dheiridh roimh an Nollaig, nuair a seoladh leabhar a mhná chéile i gCorcaigh faoi choimirce Ard-Mhéara Chorcaí, Deirdre Clune, iníon de chlann eile de na mór-chlanna i ngluaiseacht na saoirse, Clann de Barra i gCorcaigh. Bhí sé soiléir ansin go raibh Ruairí ag teip agus nár ró-fhada a bheadh sé inár measc. Bhí brón ar gach éinne. Caithfear a thuiscint, áfach, taobh amuigh de sin, agus chomh maith lena uaisleacht agus a mhacántacht, gur dhuine láidir é. Bhí sé pósta le bean láidir a tháinig ó chúlra láidir.

Tagann na rudaí sin le chéile, an fuinneamh, an láidreacht agus an mhacántacht a bhí mar bhunús ag an bhfear, agus thug sé an bunús sin dá chlann. Bheadh a fhios ag éinne a bhfuil aithne aige nó aici air nó ar a chlann go raibh na cáilíochtaí céanna ag a chlann is a bhí ag Ruairí féin. Is cailliúint mhór dóibh é go bhfuil athair na cloinne imithe uatha, mar ba chlann iad a bhí aontaithe faoi gach rud agus an-chúng le chéile. Bhí dearcadh faoi leith ag an gclann go léir ar son síochána, na teangan, thodhchaí na tíre agus Pháirtí an Lucht Oibre. Ba mhaith liom comhbhrón a ghabháil le Máire, Deirdre, Cathal, Terry agus Ruairí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.