Seanad debates
Wednesday, 14 December 2005
University College Galway (Amendment) Bill 2005: Second Stage.
12:00 pm
Joe O'Toole (Independent)
Is the sound recorder happy enough? Yes.
Cuirim fáilte roimh an Aire aríst. Tá mé an-sásta tacú leis an Bhille seo. Ba mhaith liom díriú isteach ar rud amháin, is é sin, an píosa atá ráite ag an Aire mar gheall ar an infheistiú ar luach €1.2 billiún. Is cuimhin leis an Aire go raibh an-díospóireacht eadrainn cúpla míó shin nuair a foilsíodh tuarascáil de chuid an OECD mar gheall ar oideachas tríú leibhéil sa tír seo. Do chuireas go mór i gcoinne ruda amháin, is é sin, an píosa a bhí á chur ar dhochtúireachtaí. Ní rabhas sásta go raibh dochtúireachtaí fréamhaithe in ollscoil amháin, cé gur ollscoil thábhachtach í, agus nach raibh na hinstitiúidí teicneolaíochta ann. I am glad that the Minister took my advice on that, and I took some credit in the course of the week when I saw that he had passed all the third level institutions, including both the institutes of technology and the universities. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. I am absolutely delighted with it, agus tá sé an-tábhachtach don mhéid atá idir lámha againn inniu.
Go dtí seo, ní raibh idir lámha againn ach sórt lip service, is é sin, go raibh ar Ollscoil na Gaillimhe daoine a fhostú a raibh Gaoluinn acu, ach ní raibh aon fhreagracht orthu an Ghaoluinn sin a úsáid le linn a gcuid oibre. Tá an sórt work plan atá foilsithe ag an choláiste anois as seo amach go dtí 2008 thar a bheith tábhachtach, mar den chéad uair ariamh, tá sé á chur sin go díreach os ár gcomhair. Sa Bhille seo inniu, tá sé de chúram agus de fhreagracht dhlíthiúil ar an ollscoil é sin a dhéanamh. Tá mé an-sásta tacú leis seo. Dar liom, cé nár fhreastail mé ar Ollscoil na Gaillimhe, gurb í an tseoid is luachmhaire i gcóras ollscolaíochta na tíre seo. Cheapas é sin i gcónaí; is ise an tseoid is luachmhaire agus is gile sa chóras sin. Tá an-chuid déanta aici, go mórmhór le cúpla bliain anuas, mar shampla, fuair sí gradam mar university of the year. Is dóigh liom, le linn na bliana seo, gur cuireadh ar bun an business school nua sa choláiste chomh maith. Idir an dá linn tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa choláiste ag déanamh an-chuid oibre.
Tá seirbhís den scoth tugtha ag an ollscoil do mhuintir na Gaillimhe, muintir na Gaeltachta agus muintir na tíre. Tá a lán scolairí óga, m'iníon féin mar shampla, ag cur na Gaillimhe síos mar chéad rogha agus cuireann sé isteach go mór orthu agus iad ar lorg tithíochta nuair a deir daoine "so you did not get Dublin and that is why you are coming to Galway". Bhí Gaillimh i gcónaí mar an chéad rogha acu.
Tá sé tábhachtach go mbeidh, as seo amach, an coláiste in ann na daoine is fearr a fhostú agus go mbeidh siad ag cur na Gaeilge chun cinn ag an am céanna so it is no longer lip service. Mar a dúirt an Seanadóir Ulick Burke, tháinig siad go dtí an cinneadh seo d'aonghuth. The idea of unanimous votes in colleges is astonishing, I did not think such things existed, so tá mé sásta leis sin.
An rud is tábhachtaí ná go mbeimid in ann daoine a fhostú a bheidh ag déanamh dochtúireachtaí sa choláiste. Chomh tábhachtach fós ná gur féidir leo leanúint lena chuid oibre — taighde, forbairt agus staidéar eile — dul chun cinn i gcúrsaí eacnamaíochta na tíre tríd an Ghaeilge. Tá sé tábhachtach gur féidir le daoine a chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sin tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta gur féidir leo freastal ar an chéad, dara agus tríú leibhéal tríd an teanga. Caithfidh na seansanna a bheith ann do lucht na Gaeltachta a scolaíocht ar fad a dhéanamh tríd an Ghaeilge. Dul chun cinn níos mó ná sin gur féidir leo post a fháil trí Ghaeilge ina dhiaidh sin agus go mbeidh siad ag infheistiú i bhforbairt eacnamaíochta na tíre seo mar go bhfuil siad in ann taighde agus forbairt a dhéanamh tríd an Ghaeilge.
Níl aon bhlúire den Bhille seo nach n-aontaím leis. Tá sé dírithe ar an rud is tábhachtaí. Tháinig sé seo ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus tá dearcadh ciallmhar ansin ar chúrsaí Gaeilge atá ag teastáil uainn ag an am seo. Níl an Roinn ag caitheamh na mílte euro ag iarraidh Dingle a aistriú go dtí An Daingean gan aon tagairt ar Dhaingean Uí Chúis and that type of nonsense. Níl muid ag cur na mílte euro isteach, mar a dúirt an Taoiseach an tseachtain seo caite, ar fhoilsiú tuarascáil chinn bhliana i nGaeilge nach léifear riamh. Tá sé de dhíth go bhfuil rudaí ar fáil i nGaeilge but that does not mean that we must spend hundreds of thousand of euro every year providing hard copies. There is an in between position. That is an rud is tarraingtí faoin Bhille seo. Tá sé ag díriú isteach go praiticiúil ar an dóigh is féidir leis an ollscoil a cuid oibre a dhéanamh agus a chur chun cinn tríd an Ghaeilge. That is what is happening here, it is sensible and practical and that is an-tábhachtach.
As seo amach agus sin ag plé nó ag scrúdú cad tá ar siúl, is ar dhul chun chinn Ollscoil na Gaillimhe a ba cheart dúinn a fhéachaint, go mór-mhór i gcomhthéacs an mhéid a dúirt an tAire nach raibh sí sásta go mbeadh cúram ar fad ollscolaíocht Gaeilge a fhágáil ar ghuaillí Ollscoil na Gaillimhe. That would be a total ignoring of our responsibilities. Caithfimid bheith cinnte go bhfuil sin ag dul chun cinn i ngach ollscoil. Bhí a lán deacrachtaí ag Ollscoil na Gaillimhe le 20 bliain anuas ag iarraidh daoine a fhostú agus bhí uirthi dul os comhair na gcúirteanna mar dúradh nach raibh sí macánta ach bhí sí ag iarraidh oibriú laistigh inflexible statute that existed previously. Ní raibh sé solúbtha in aon chaoi. When I say solúbtha, I do not mean that in a pejorative sense of the word but go bhfuil flexibility ag baint leis seo. Tá sin tábhachtach do na daoine atá ag obair.
I gcónaí nuair a bhíonn moltaí os ár gcomhair agus muid d'aon aigne, we come to the curious question of money. Ba mhaith liom go gcuirfear tuilleadh airgid i dtreo Ollscoile na Gaillimhe leis an obair seo a dhéanamh. B'fhéidir go bhfuil Vóta ar leith ann di, níl a fhios agam, ach fiú i gcomhthéacs na Bunreachta, má tá cúram ar leith ag baint le Gaeilge a chur chun cinn in Ollscoil na Gaillimhe, caithfidh go mbeidh acmhainní aici chun é sin a dhéanamh.
It worries me that the Houses of the Oireachtas Commission is faced by a decision being taken by an Act of the Oireachtas that the new translations required in the Houses will cost far more. We have been asked to do this without being given any resources. We have politely told the appropriate Minister that we will not do it because we do not have the money to do it. Perhaps we can say that but ní féidir le hOllscoil na Gaillimhe an rud céanna a rá. Má tá airgead ag teastáil uaithi, áfach, leis an plean oibre a chur chun cinn, ba chóir go mbeidh sé ann dóibh. Níl mé ag tagairt ar a huge amount ach ba cheart go mbeadh rud éigin ar leith ann di. 'Sí an seod is luachmhara agus is gile i gcóras ollscolaíochta na tíre seo. It has served us well le blianta agus it has served the people of Galway, people of the Gaeltacht and the rest of Ireland who have been impacted by Galway and its college. It has been welcoming to all and has a precious place in Irish third level education agus ba chóir go mbeadh pé acmhainní atá de dhíth ann.
Finally, when we talk about the billions of euro we are investing in third level, it would be mean-minded of us to chase a few teachers around the country because they were decent and principled enough to walk out last week and stand for decency, tolerance and goodness in Irish society. We should unite on this, draw a veil over it and move on. I guarantee the Minister will never collect the money in any case. She should take that with good grace. Other speakers were allowed an aside at the end of their contribution and I have done the same. I will not, however, talk about Deputy Kenny.
Tá mé an-sásta tacaíocht a thabhairt don Bhille seo. Tá sé an-mhaith. Tá súil agam go mbeimid in ann an Bille a chur tríd an Teach go luath tar éis dúinn filleadh agus ansin dul ar ais go dtí an Dáil. Ba cheart dúinn beart de réir ár mbriathar a dhéanamh.
No comments