Seanad debates

Wednesday, 14 December 2005

10:30 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Maidir leis an Acht teanga, i ndáiríre níl an reachtaíocht sin ann ach le tamall an-ghearr ar fad, agus is reachtaíocht an-radacach agus an-bhunúsach í, a chruthaíonn go bhfuilimid i bhfabhar na Gaeilge agus dáiríre maidir le cur chun cinn na Gaeilge i saol an Stáit. Do thuigeamar i gcónaí go mbeadh dúshlán faoi leith ann chun an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm, ach ní bheadh sí ann murach an dea-thoil don Ghaeilge i measc an phobail. Nach raibh sé suimiúil gur éirigh linn stádas oifigiúil oibre a bhaint amach sa Chomhphobal Eorpach ag an am céanna?

De réir mar a thuigim, tá an tAire, an Teachta Ó Cuív, ag bualadh le dreamanna chun cúrsaí faoi leith a phlé leo. Tá sé beagáinín luath a bheith ag caint ar athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht, ach bheinn i bhfabhar an ruda a dúirt an Seanadóir O'Toole, is é sin, cuireadh a thabhairt don Aire teacht isteach le míniú dúinn cad tá tar éis teacht amach as na comhchainteanna a bhí aige leis na heagrais agus dreamanna eile go dtí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.