Seanad debates
Thursday, 5 May 2005
British-Irish Agreement (Amendment) Bill 2005: Second and Subsequent Stages.
1:00 pm
Joe O'Toole (Independent)
Fáiltím roimh an Aire agus aontaím leis an méid a dúirt na Seanadóirí eile. Má tá an Bille seo de dhíth, caithfimid tacaíocht a thabhairt dó.
Conas a d'éirigh an t-amhras faoi? Tá sé mínithe go soiléir ag an Aire ach tá an chontúirt ann nuair a théann duine siar go dtí an chéad Acht. Cén tionchar ansin atá ag alt 70 den chéad Acht? Bhí Acht ann agus leasaíodh é. Rinne an Bille i 1999 tagairt don Acht leasaithe. Tá muid ansin ag cur leasuithe eile isteach agus ag cur an tagartha siar don chéad Bille.
No comments