Seanad debates
Wednesday, 8 December 2004
Dormant Accounts (Amendment) Bill 2004: Report and Final Stages.
5:00 pm
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Is mian liom ár mbuíochas a chur in iúl don Aire. Déarfainn go n-aontóidh gach éinne go raibh díospóireacht fiúntach againn ar an mBille seo agus go raibh an t-Aire ag éisteacht leis, mar a d'admhaigh Seanadóirí eile. Bhí sin thar a bheith tábhachtach. Cé gur thóg an díospóireacht roinnt mhaith ama, tá sé níos fearr deacrachtaí a réiteach anois. Molaim an t-Aire agus gabhaim buíochas le hoifigí na Ranna as an obair atá déanta acu. Tá sé soiléir go déanadh an obair sin go cruinn. Chabhraidh sin go mór linn mar ní raibh aon mí-thuiscint faoi cad a bhí ins an mBille.
No comments